An difríocht idir athruithe ar: "Naitsíochas"

Content deleted Content added
Ag baint Nazi-propaganda-marxism-capitalism.jpg amach, scrios Infrogmation é ón Chómhaoin mar: per del req. DW, false copyright statement, false authorship statement, false d
Líne 91:
*'''Cultas na feargachta, na fearúlachta agus na suáilcí fearúla.''' Bhí míleatachas an Naitsíochais fite fuaite le cultas na feargachta. Ón taobh eile de, bhí fuath ag na hidé-eolaithe Naitsíocha ar an "mbaineandacht" agus ar an "bpiteogacht", nó chuirfeadh na "fir bhaineanda" cumas cosanta na tíre ó mhaith, dar leo.
 
*'''Na teoiricí comhcheilge faoin "nGiúdach idirnáisiúnta".''' Tá cuid mhór de lucht scríofa na staire ar aon bharúil gurbh í an teoiric faoi chomhcheilg dhomhanda na nGiúdach dlúth agus inneach an Naitsíochais. Is féidir na teoiricí seo a aithint ar chomhrá Hitler le Dietrich Eckart a foilsíodh chomh luath leis an mbliain [[1924]]. Sa chomhrá seo, bhí Hitler agus Eckart den tuairim go raibh leanúnachas dobhriste ag dul ó "scéimeanna na nGiúdach" roimh bhreith Chríost go "scéimeanna comhaimseartha na nGiúdach". Sna pictiúir a d'fhoilsítí, cuir i gcás, ar an ''Stürmer'', iris na bolscaireachta frith-[[Giúdaigh|Ghiúdaí]], chuirtí síos ar an "nGiúdach" mar dhamhán alla a bhí ag coinneáil an domhain idir a chuid cos. Tugadh le fios go raibh lámh an Ghiúdaigh ag stiúradh na n-imeachtaí comhaimseartha go léir. Má bhí lucht an rachmais ag dúshaothrú an [[lucht oibre]], chuaigh an ''Stürmer'' i dtuilleamaí na sean-steiréitíopaí den "rachmasóir Ghiúdach". Má bhí an [[Cumannachas]] ag bagairt, d'fhógair an ''Stürmer'' gur Giúdaigh a bhí sna Boilséivigh, agus mar sin de.[[Íomhá:Nazi-propaganda-marxism-capitalism.jpg|mion|bolscaireacht pholaitiúil - "Is é an Marxachas aingeal cosanta an chaipitlíochais."]]
 
== Baint an Naitsíochais leis an gCaipitleachas ==