An difríocht idir athruithe ar: "Stokely Carmichael"

Content deleted Content added
Chuir mé píosa leis. Féach an chuid thíos.
an-mhaith... ǃ Rinne mé botún cúpla seachtain ó shin
Líne 1:
[[Íomhá:Stokely Carmichael HS Yearbook.jpg|mion|Bronx High School of Science, 1960]]
Gníomhaí agus eagraí ab ea '''Kwame Ture''' (a rugadh mar '''Stokely Standiford Churchill Carmichael'''; [[29 Meitheamh]] [[1941]][[15 Samhain]] [[1998]]). Bhí lámh ar leith aige mar cheannaire sa nGluaiseachtn[[Gluaiseacht Chearta Sibhialta]] sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] agus sa ngluaiseacht Pan-Afracach. Aithnítear é mar an duine is mó a d’fhorbair an coincheap agus an ghluaiseacht ''Black Power''.
 
== Saol ==
Rugadh Carmichael ar [[Oileán na Tríonóide agus Tobága|Oileán na Tríonóide]] sa [[Muir Chairib]] agus tógadh é i g[[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]] ó 11 bliain d’aois. Chuir sé tús lena chuid gníomhaíochais agus é ag freastal ar Bronx High School of Science<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Stokely: A Life, by Peniel E. Joseph|url=http://dx.doi.org/10.1080/00064246.2015.1049330|journal=The Black Scholar|date=2015-07-03|issn=0006-4246|pages=70–77|volume=45|issue=3|doi=10.1080/00064246.2015.1049330|author=Toivo Asheeke}}</ref>.  
[[Íomhá:Stokely Carmichael in Alabama 1966.jpeg|clé|mion|in Alabama i 1966, agus an lógó na b[[Pantar dubh|Pantar Dubh]] ar an m[[bileog]]]]
 
Bhí Carmichael i measc na ngníomhaithe ar an gcéad Freedom Ride i 1961 agus é 19 bliana d’aois. In 1964, chuaigh sé ina ghníomhaí cearta vótála in [[Mississippi]] agus in [[Alabama]] le SNCC (Coiste Comhordúcháin Mhic Léinn Neamhfhoréigneach). Ní fada gur osclaíodh súile Carmichael ag an g[[Ciníochas institiúideach|ciníochas sistéamach]] a bhí mar chuid láidir den [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Daonlathach]] agus d’éirigh sé as an ngníomhaíochas sa gcóras polaitiochta<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Carmichael, Stokely (1941-1998), civil rights leader|url=http://dx.doi.org/10.1093/anb/9780198606697.article.1501291|publisher=Oxford University Press|date=2001-10|author=Dennis Wepman}}</ref>.
 
In 1966, ainmníodh Carmichael mar chathaoirleach de SNCC. Le SNCC, thug Carmichael a chéad óráid cháiliúil ar ''Black Power''. Ba mhór an tionchar iad [[Frantz Fanon]] agus [[Malcolm X]] ar dhearcaí Carmichael. Dá bharr sin, d’iompaigh SNCC ina eagraíocht níos radacaí faoi cheannasaíocht Carmichael. Chuir an grúpa béim láidir ar Black Power mar a sprioc agus a phrionsabal is mó.
 
Bhí an ghluaiseacht Black Power, an ráiteas, agus Carmichael féin conspóideach, go háirid i measc Meiriceánach bán agus rialtas na Stát Aontaithe. Chuir COINTELPRO, clár de chuid an [[Federal Bureau of Investigation|FBI]] in aghaidh gníomhaithe gorma, targaid air. I meamram sa bhliain 1968, scríobh [[J. Edgar Hoover]], stiúrthóir an FBI, go raibh eagla air gurbh é Carmichael an chéad “meisias”“[[meisias]]” gorm eile. Bhí sé mar aidhm ag Hoover íomhá bhréagach a chur ar Carmichael mar ghíomhaire rúnda de chuid an [[Central Intelligence Agency|CIA]]<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Liberation, Imagination and the Black Panther Party|url=http://dx.doi.org/10.4324/9780203950920|date=2014-04-08|doi=10.4324/9780203950920|author=Kathleen Cleaver}}</ref><ref>{{Luaigh foilseachán|title=Black against Empire|url=http://dx.doi.org/10.1525/9780520966451|publisher=University of California Press|date=2019-12-31|location=Berkeley|author=Joshua Bloom, Waldo E. Martin}}</ref>. D’éirigh leis an iarracht seo agus cuireadh Carmichael amach as SNCC agus d’iompaigh cuid mhaith de na [[Páirtí na bPantar Dubh|Black Panthers]] ([[Huey P. Newton]] ina measc) ina aghaidh, rud a chuir a shaol féin i mbaol.
 
Dá bharr seo, theith Carmichael go dtí Anan Afraic Thiar. Chuir sé faoi i n[[Gána]] i dtosach agus sa [[An Ghuine|nGuine]] in 1969. Is ann a ghlac sé lena ainm nua, Kwame Ture, agus a chuaigh sé i bhfeachtas ar son an Phan-Afracachais Réabhlóidigh [[Sóisialachas|Shóisialaigh]].
 
Fuair sé bás d’[[ailse phróstataigh]] i 1998 sa Ghuine.
[[Íomhá:Flag of the UNIA.svg|mion|gluaiseacht Pan-Afracach (bratach UNIA)]]
 
== Naisc le hÉirinn agus leis an bPobal Éireannach sna Stáit Aontaithe ==
Agus é ina chónaí sa nGuinen[[An Ghuine|Guine]], chothaigh Carmichael aontacht idir gluaiseachtaí agus gníomhaithe ar fud an domhain, gníomhaithe Poblachtánacha i dTuaisceartd[[Tuaisceart Éireann|Tuaisceart na hÉireann]] ina measc, chomh maith le hEagraíochth[[Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne]] (PLO) agus an American Indian Movement<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.smithsonianmag.com/smithsonian-institution/powerful-stokely-carmichael-potrait-never-made-cover-time-magazine-180959073/|teideal=This Powerful Stokely Carmichael Portrait Never Made It to the Cover of Time Magazine|údar=Wil Haygood|language=en|work=Smithsonian Magazine|dátarochtana=2020-09-14}}</ref><ref>{{Cite news|url=https://www.washingtonpost.com/archive/local/1978/05/14/african-arab-groups-stage-rally/a0bc8fdf-bed5-418c-8145-0370f2c6830c/|teideal=African, Arab Groups Stage Rally|údar=Juan Williams|dáta=1978-05-14|language=en-US|work=Washington Post|dátarochtana=2020-09-14}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=https://glc.yale.edu/excerpts-black-and-green-fight-civil-rights-northern-ireland-and-black-america|teideal=Excerpts from Black and Green. The Fight for Civil Rights in Northern Ireland and Black America. {{!}} The Gilder Lehrman Center for the Study of Slavery, Resistance, and Abolition|work=glc.yale.edu|dátarochtana=2020-09-14}}</ref>.
 
In 1966, ag fragairt drochchaint ar an ngluaiseacht Black Power, thug Carmichael oráid ina luaigh sé an pobal Éireannach sna Stáit Aontaithe agus an caighdeán dúbailte a bhí ann, dar leis:<blockquote>Now the Kennedys built a system of purely Irish Catholic power with Irish Nationalism interwoven into it. Did you know that? And that’s how come they run, rule, own Boston lock stock and barrel including all the black people inside it. That’s Irish power. And that man [Robert Kennedy] going to get up and tell you-all; well he shouldn’t talk about Black Power. He ran and won in New York City on Black Power; his brother became president because Black Power made him president [shouts and applause]. Black Power made his brother president [continued applause]. And he’s got the white nerve to talk about Black Power [continued applause]….<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.blackpast.org/african-american-history/1966-stokely-carmichael-definitions-black-power/|teideal=(1966) Stokely Carmichael, “Definitions of Black Power”|údar=BlackPast|dáta=2007-09-29|language=en-US|dátarochtana=2020-09-14}}</ref></blockquote>
 
== Féach freisin ==
 
* [[Páirtí na bPantar Dubh]]
 
==Tagairtí==