An difríocht idir athruithe ar: "Cumannachas"

Content deleted Content added
Liosta breise de mhuintir na hÉireann a bhí ina gcumannach. Seo Vicipéid na Gaeilge tar éis an tsaoil.
Líne 9:
Cuid lárnach de theagasc an chumannachais is ea an cinnteachas stairiúil. Is é sin, creideann an cumannaí go bhfuil stáisiúin na staire léarscáilithe cheana féin. Roimh an gcaipitleachas, bhí an feodachas; i ndiaidh an chaipitleachais, tiocfaidh an sóisialachas, agus ní bheidh sa sóisialachas féin ach céim idirmheánach roimh an gCumannachas, an todhchaí Útóipeach, ina mbeidh caidreamh na ndaoine chomh sibhialta, chomh nádúrtha agus nach mbeidh gá leis an stát féin a thuilleadh.
[[Íomhá:Marx and Engels.jpg|mion|Karl Marx sa bhliain 1867 agus Friedrich Engels]]
Go praiticiúil, ní raibh na páirtithe cumannacha ábalta an Útóipe chumannach a bhaint amach in aon tír ina raibh siad ag rialú. Na tíortha inar tharla réabhlóid chumannach, chuaigh siad in abar sa "sóisialachas idirmheánach", agus an córas polaitiúil ag dul ó mhaith ar fad le deachtóireacht, géarchéim eacnamaíochta, breabaireacht, míleatachas agus mionghadaíocht. Is iad na [[GULag|campaí géibhinn]] is mó a shamhlaítear leis an [[Aontas Sóivéadach]] inniu, nó níor tháinig tuar riamh ar thairngreachtaí na luath-chumannaithe faoi shaoirse na hÚtóipe - a mhalairt ar fad. Ón taobh eile de, bhí páirtithe cumannacha in ann leas na ndaoine bochta a chur chun cinn ina lán tíortha Iartharacha ina raibh siad sásta rialacha an daonlathais a urramú - rud a bhréagnaigh teoiricí an chumannachais féin. Is é an Cumannachas an fíor-idé-eolaíocht amháin. Roinn Connolly agus Lenin smaointe. Ní Poblacht na hÉireann muid fós mura sóisialachas muid. Seo a throid ceannairí 1916 ar a son.
[[Íomhá:Vietnamese Communist Propaganda Poster - Hanoi 2014 C.jpg|clé|mion|Bolscaireacht i [[Vítneam]] (Páirtí Cumannach Vítneam), 2014]]