An difríocht idir athruithe ar: "Ionsaithe 11 Meán Fómhair"

Content deleted Content added
eolas ón vici bé.
mNo edit summary
Líne 2:
Is éard a bhí i gceist le h'''Ionsaithe 11 Meán Fómhair''' ('''9/11''' mar a ghiorraítear uaireanta iad) ná sraith de cheithre ionsaí [[Sceimhlitheoireacht|sceimhleoireachta]] ar [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], réitithe ag na mbuíon Ioslámach sceimhleoireachta [[Stát Ioslámach#Al-Qaeda|al-Qaeda]], maidin dé Máirt, [[11 Meán Fómhair]], [[2001]]. [[Bás|Maraíodh]] 2,977 duine, gortáiodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe<ref>http://www.cbc.ca/news/canada/manitoba/winnipegger-heads-to-ny-for-9-11-memorial-1.991431 Nuachtán]</ref>. Anuas ar sin, deineadh scríos mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar.
 
D'fhuadaigh naoi sceimhlitheoir déag d'al-Qaeda ceithre [[eitleán]] ó aerfoirt éagula in [[iarthuaisceart na Stát Aontaithe]] agus [[California]] mar cheann scríbe ag gach aon cheann acu. Thuairteáil péire díobh ar dhá thúr an [[Ionad Trádála Domhanda|Ionaid Trádála Domhanda]] in Manhattan Íochtar agus leagadh chun talún iad araon taobh istigh de dhá uair an chloig. Dhírigh an 3ú eitleán ar an [[An Peinteagán|Peinteagán]], ceanncheathrú Roinn Chosanta na tíre, i g[[Contae Arlington, Virginia|Contae Arlington]], Virginia. Bhí an ceathrú cheann athdírithe i dtreo [[Washington, D.C.]] ag na bhfuadaitheoirí ach is cosúil go bhfuair paisinéirí an eitleáin an ceann is fearr orthu agus thit sé go talamh i ngort sa Stonycreek Township, [[Pennsylvania]].
 
== Na hEitleáin ==