An difríocht idir athruithe ar: "Na Gealáin Thuaidh"

{{Úsáidíeile|an feiniméan réalteolaíochta}}
[[Íomhá:ISS-30 Night lights of the cities of Ireland and the United Kingdom.jpg|mion|[[Éire]] agus [[an Bhreatain]] san [[oíche]] agus na Saighneáin sa chúlra]]
[[Íomhá:Polarlicht 2.jpg|thumb|''Aurora Borealis'', [[Alasca|Alaska]].]]
 
Is torthaí ar imbhuailtí idir [[Cáithnín fo-adamhach|cáithníní]] gáis inár n-[[atmaisféar]] agus cáithníní luchtaithe atá eisteilgthe ó atmaisféar na [[An Ghrian|gréine]] iad '''na''' '''Saighneáin,''' nó sa [[An leathsféar thuaidh|leathsféar thuaidh]], '''na Gealáin Thuaidh''', '''an''' '''Chaor Aduaidh''' nó ‘'''Aurora borealis'''’ .<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.met.ie/ga/education/the-northern-lights|teideal=Na Gealáin Thuaidh - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann|language=en|work=www.met.ie|dátarochtana=2020-09-20}}</ref> Is iad ná [[Solas|solais]] a fheictear thuas sa spéir faoi thionchar na g[[Cáithnín fo-adamhach|cáithnín]]í faoi [[lucht leictreach]] a bhuaileann réimse [[Maighnéadaihidridinimic|maighnéadach]] an [[An Domhan|domhain]]. Cuid den [[Grianghaoth|ghrianghaoth]] iad na cáithníní seo.
[[Íomhá:Northern Lights over Portnaguran - geograph.org.uk - 359552.jpg|mion|na Gealáin Thuaidh sa [[spéir]] os cionn [[Inse Ghall Amuigh]] (na hOileáin Thiar)]]
 
Tá réimse maighnéadach níos laige ag na [[An Pol Thuaidh|poil]], agus mar gheall ar sin tagann cuid de na cáithníní sin isteach in [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar an domhain]] agus imbhuaileann siad le cáithníní gáis. Bíonn [[solas]] mar thoradh ar na himbhuailtí agus is ar sin a thugaimid na Gealáin Thuaidh.[[Íomhá:Polarlicht 2.jpg|thumb|''Aurora Borealis'', [[Alasca|Alaska]].]]
 
== Réalteolaíocht ==
Tá an [[teocht]] ar an dromchla na [[An Ghrian|gréine]] os cionn 5000°C agus tá atmaisféar seachtrach na gréine, nó an choróin, níos teo ná an dromchla. Ó theo atá sé is ea is mó [[Fuinneamh|fuinnimh]] atá ar fáil; bíonn imbhuailte idir [[Móilín|móilíní]] [[Gás|gáis]] mar thoradh ar seo.
 
Ag teochtaí chomh hard sin is féidir le himbhuailte a bheith pléascach. De réir mar a chasann an Ghrian, eisteilgtear cáithníní trí phoill ina réimse maighnéadach.
 
Is iad na cáithníní luchtaithe sin a dhéanann suas an [[Gaoth|ghaoth]] gréine agus iompraíonn an ghaoth seo na cáithníní saora i dtreo [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar an domhain]].
[[Íomhá:Plasma fountain.gif|mion|glasː an Chaor Aduaidh]]
 
== Fisic ==
Astaíonn an ghrian sruth cáithníní luchtaithe i ngach treo an t-am ar fad, a dtugtar an [[Grianghaoth|ghrianghaoth]] air. Gabhann réimse maighnéadach an domhain cuid de na cáithníní seo a thagann an treo, agus sraonann iad isteach i [[scamall]] ollmhór ar thaobh dorcha an domhain os cionn an [[Ianaisféar|ianaisféir]].
 
Is é an míniú [[Eolaíocht|eolaíoch]] ar na Saighneáin ná go bhfágann cáithníní na grianghaoithe [[Adamh|adaimh]] [[Ocsaigin|ocsaigine]] agus [[Nítrigin|nítrigine]] flosctha, is é sin, luchtaithe le [[fuinneamh]] a fhágann [[leictreon|leictreoin]] ar leibhéil níos airde ná áit a mbíonn siad agus an t-adamh sa bhunstaid. Nuair a thuirlingeoidh na leictreoin ar ais ón bhfloscadh, scaoilfidh siad an [[fuinneamh]] flosctha mar chandam [[solas|solais]] ([[fótón]]).
[[Íomhá:North and South Auroras NASA Polar VIS.gif|mion|''an Chaor Aduaidh'' agus ''an Chaor Aneas'' ar feadh stoirmeacha, mar is léir ón ghrianghraf a thóg [[Satailít (spásárthach)|satailít]] [[NASA]]]]
 
Tagann an [[scamall]] seo le bheith éagobhsaí agus tarlaíonn [[Spéirling|cuaranfaí]] fíochmhara ann. Scaoileann na [[Spéirling|cuaranfaí]] seo na cáithníní luchtaithe faoi ard[[Luas (fisic)|luas]] i dtreo an domhain agus ianaíonn siad [[Adamh|adaimh]] gáis san ianaisféar, rud a chruthaíonn na Saighneáin (Aurora Borealis) is na Gealáin Theas (Aurora Australis) a fheictear ag na domhanleithid arda ó thuaidh is ó dheas faoi seach.
 
== An seó soilse ==
 
== Áiteanna ==
Sna réigiúin pholacha is mó a fheictear iad. Díreach mar atá ag gach maighnéad, tá pol maighnéadach ag barr an domhain agus ag a bhun agus tá réimse maighnéadach thart air.<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/Eureka_Irish_12.10.pdf|teideal=Dragain sa Spéir|údar=cogg.ie|dáta=2015|dátarochtana=2020}}</ref> Cuireann an ghrianghaoth isteach ar réimse maighnéadach an domhain agus brúitear cáithníní gréine chuig na poil thuaidh agus theas. Mar sin, is iad na Ciorcail Artacha agus Antartacha na háiteanna is fearr, de ghnáth, chun na gealáin a fheiceáil.
Sna réigiúin pholacha is mó a fheictear iad, ach uaireanta is féidir iad a fheiceáil in [[Éire|Éirinn]] féin.
 
Le fírinne, ní thagraíonn na téarmaí ''aurora borealis'' agus ''an Chaor Aduaidh'' ach do na saighneáin a fheictear timpeall ar an b[[An Pol Thuaidh|Pol Thuaidh]]. Na cinn a fheictear i réigiún polach na h[[Antartaice]], tugtar ''aurora australis'' nó ''an Chaor Aneas'' orthu.
[[Íomhá:Aurora Australis.ogv|mion|físː Aurora Australis ón [[Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta]] i 2011]]
 
=== In Éirinn ===
Uaireanta is féidir an Chaor Aduaidh a fheiceáil in [[Éire|Éirinn]] féin. Is i gcuideanna de [[Cósta|chósta]] an [[Iarthar|iarthair]] agus an [[Tuaisceart|tuaiscirt]] is fearr a bheadh seans leis an taispeántas a fheiceáil, i g[[contae Dhún na nGall]] go hairithe. Is i láithreacha nach bhfuil ach fíor-bheagán [[truailliú]] aeir is fearr le breathnú ar na Gealáin Thuaidh.
 
Tá roinnt seirbhísí réamhaisnéise ann do na Gealáin Thuaidh tagann seirbhís amháin mar sin ón Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA). Chuir sé seo réamhaisnéis tríocha nóiméad ar fáil don Aurora.
* Sna Stáit Aontaithe, ta seirbhís ann ón Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA). Cuireann sé seo réamhaisnéisí tríocha nóiméad amach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.swpc.noaa.gov/products/aurora-30-minute-forecast|teideal=Aurora - 30 minute forecast {{!}} NOAA / NWS Space Weather Prediction Center|language=en|work=www.swpc.noaa.gov|dátarochtana=2020-09-20}}</ref>
* San [[An Fhionlainn|Fhionlainn]], tugann an Lárionad Meitéareolaíochta agus Aeráide réamhaisnéisí amach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://en.ilmatieteenlaitos.fi/northern-lights|teideal=Northern lights - Finnish Meteorological Institute|work=en.ilmatieteenlaitos.fi|dátarochtana=2020-09-20}}</ref>
Uaireanta, éiríonn an ghrian níos gníomhaí agus caitheann sí amach cáithníní gréine atá an-fhuinniúil go deo. Mar thoradh, is minic a tharlaíonn grianbhladhmanna agus stoirmeacha gréine. Nuair a bhíonn an ghrian an-ghníomhach, beidh níos mó seans ann go mbeidh na gealáin le feiceáil.
 
== Béaloideas ==
Cheap [[Cine|ciníocha]] áirithe gurbh iad a sinsir iad, agus iad ag damhsa thart ar thine shearmanais.<ref name=":0" /> Cheap daoine eile gur dhragain iad agus go raibh na dragúin ag caitheamh seilí solais.
 
== Eachtraí ==
13,270

edits