An difríocht idir athruithe ar: "Iarmhairt cheaptha teasa"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
pic 7 teidil
Líne 1:
[[Íomhá:Greenhouse-effect-t2.svg|350px|deas|mion|Fuinneamh solais astaithe ag an nGrian ag téamh dromchla an Domhain, agus an fuinneamh frithchaite aige i bhfoirm teasa, a chuireann le teocht an atmaisféir. Sáinnítear cuid mhaith den teas ag móilíní gáis cheaptha teasa amhail uisce, dé-ocsaíd charbóin agus meatán.]]
Tagann mórchuid de theas [[An Domhan|an Domhain]] chugainn ón [[An Ghrian|nGrian]] i bhfoirm radaíochta infridheirge. I staid chobhsaí, d'aisradófaí an oiread céanna teasa amach sa spás an t-am ar fad. Ach tá gáis ar leith san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]] a chuireann isteach ar an aisradú seo, á laghdú agus ag cur le coinneáil an teasa ar Domhan. Tugtar ''an iarmhairt cheaptha teasa'' ar an bhfeiniméan seo, nó iarmhairt an teach gloine, de bhrí gur mar seo a fheidhmíonn na ballaí i dteach gloine. Is iad na gáis is mó a bhíonn páirteach sa phróiseas seo i láthair na huaire ná [[dé-ocsaíd charbóin]], [[meatán]], [[ocsaídí nítrigine]], [[galuisce]], agus na hábháir cuisnithe, na [[clórafluaracarbóin]] (CFCanna). Tá an iarmhairt i bhfeidhm san atmaisféar thar na mílte milliún bhliain, agus an Domhan 33 °C ar a laghad níos teo ná a bheadh gan í. Gan an iarmhairt seo, mar sin, ní bheadh aon bheatha ar Domhan. Tá imní fhorleathan ann go bhfuil an iarmhairt cheaptha teasa neamhchobhsaí agus ó smacht anois, de bhrí go bhfuil an iomarca de na gáis thuas astaithe is á n-astú ag daoine san atmaisféar, agus níos mó teasa á sháinniú san atmaisféar. Tá meánteocht an Domhain á méadú go leanúnach ó na [[1960idí]] ar a laghad. Is measa déocsaíd charbóin ná na gáis eile, de bhrí go bhfuil sé chomh flúirseach uilíoch san atmaisféar. Cuireann sí timpeall 55% le téamh breise an Domhain. Táirgtear déocsaíd charbóin i gcónaí nuair a loisctear breoslaí i dtinte, coirí stáisiúin ginte leictreachais agus gluaisteáin. Meastar go bhfuil méadú 80% i [[Tiúchan|dtiúchan]] an gháis seo san atmaisféar ó thosaigh an [[Réabhlóid Thionsclaíoch]]. Baineann [[fótaisintéis]] i gcrainn is [[Planda|plandaí]] eile feidhm as déocsaíd charbóin san atmaisféar, agus táirgeann [[ocsaigin]] uaithi. Laghdaíonn an próiseas seo tiúchan an gháis seo san atmaisféar. Ach le cúpla céad bliain tá [[dífhoraoisiú]] suntasach ar siúl ar fud an Domhain, agus mar sin an fachtóir sábháilteachta seo á chur ar ceal de réir a chéile. Tá rialtais ar fud an Domhain ag iarraidh astú déocsaíd charbóin san atmaisféar a laghdú, ach measann eolaithe gur gá laghdú 50-80% chun a tiúchan san atmaisféar a laghdú. Tá na gáis eile a cheapann teas san atmaisféar i bhfad níos measa chun an teas a sháinniú, ach i bhfad níos teirce san atmaisféar. Cuireann meatán timpeall 25% leis an téamh breise domhanda, agus CFCanna timpeall 20%. Is gá stop glan a chur le sceitheadh CFCanna san atmaisféar chun a dtiúchan a laghdú, de bhrí gur ábhair chomh fadtéarmach iad. Tá socruithe idirnáisiúnta ann na clorafluaracarbóin a dhíothú de réir a chéile dá bharr seo, agus de bharr a ndrochéifeachta ar an [[Ciseal ózóin|gciseal ózóin]] thuas san atmaisféar, a chosnaíonn gach neach beo ó [[Solas|sholas]] ultraivialait na Gréine.
 
Tagann mórchuid de theas [[An Domhan|an Domhain]] chugainn ón [[An Ghrian|nGrian]] i bhfoirm [[Radaíocht infridhearg|radaíochta infridheirge]]. I staid chobhsaí, d'aisradófaí an oiread céanna teasa amach sa spás an t-am ar fad. Ach tá gáis ar leith san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]] a chuireann isteach ar an aisradú seo, á laghdú agus ag cur le coinneáil an teasa ar Domhan. Tugtar '''an iarmhairt cheaptha teasa''' ar an bhfeiniméan seo, nó '''iarmhairt an teach gloine''', de bhrí gur mar seo a fheidhmíonn na ballaí i d[[teach gloine]].
 
==Gáis cheaptha teasa==
Is iad na gáis is mó a bhíonn páirteach sa phróiseas seo i láthair na huaire ná [[dé-ocsaíd charbóin]], [[meatán]], [[ocsaídí nítrigine]], [[galuisce]], agus na hábháir cuisnithe, na [[clórafluaracarbóin]] (CFCanna). Tá an iarmhairt i bhfeidhm san atmaisféar thar na mílte milliún bhliain, agus an Domhan 33 °C ar a laghad níos teo ná a bheadh gan í. Gan an iarmhairt seo, mar sin, ní bheadh aon bheatha ar Domhan. Tá imní fhorleathan ann go bhfuil an iarmhairt cheaptha teasa neamhchobhsaí agus ó smacht anois, de bhrí go bhfuil an iomarca de na gáis thuas astaithe is á n-astú ag daoine san atmaisféar, agus níos mó teasa á sháinniú san atmaisféar.
 
==Stair==
Tá meánteocht an Domhain á méadú go leanúnach ó na [[1960idí]] ar a laghad. Is measa déocsaíd charbóin ná na gáis eile, de bhrí go bhfuil sé chomh flúirseach uilíoch san atmaisféar. Cuireann sí timpeall 55% le téamh breise an Domhain. Táirgtear déocsaíd charbóin i gcónaí nuair a loisctear breoslaí i dtinte, coirí stáisiúin ginte leictreachais agus gluaisteáin. Meastar go bhfuil méadú 80% i [[Tiúchan|dtiúchan]] an gháis seo san atmaisféar ó thosaigh an [[Réabhlóid Thionsclaíoch]]. Baineann [[fótaisintéis]] i gcrainn is [[Planda|plandaí]] eile feidhm as déocsaíd charbóin san atmaisféar, agus táirgeann [[ocsaigin]] uaithi. Laghdaíonn an próiseas seo tiúchan an gháis seo san atmaisféar.
 
Ach le cúpla céad bliain tá [[dífhoraoisiú]] suntasach ar siúl ar fud an Domhain, agus mar sin an fachtóir sábháilteachta seo á chur ar ceal de réir a chéile. Tá rialtais ar fud an Domhain ag iarraidh astú déocsaíd charbóin san atmaisféar a laghdú, ach measann eolaithe gur gá laghdú 50-80% chun a tiúchan san atmaisféar a laghdú. Tá na gáis eile a cheapann teas san atmaisféar i bhfad níos measa chun an teas a sháinniú, ach i bhfad níos teirce san atmaisféar. Cuireann meatán timpeall 25% leis an téamh breise domhanda, agus CFCanna timpeall 20%. Is gá stop glan a chur le sceitheadh CFCanna san atmaisféar chun a dtiúchan a laghdú, de bhrí gur ábhair chomh fadtéarmach iad. Tá socruithe idirnáisiúnta ann na clorafluaracarbóin a dhíothú de réir a chéile dá bharr seo, agus de bharr a ndrochéifeachta ar an [[Ciseal ózóin|gciseal ózóin]] thuas san atmaisféar, a chosnaíonn gach neach beo ó [[Solas|sholas]] ultraivialait na Gréine.
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Atmaisféar]]