An difríocht idir athruithe ar: "Stáit Aontaithe Mheiriceá"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 57:
Ceaptar gurbh as an [[An Áise|Áise]] a tháinig sinsir bhundúchasaigh Mheiriceá go dtí an tOileán Úr. Thosaigh siad ag lonnadh ann am éigin i ndiaidh 12,000 RC. D'éirigh le roinnt phobal bundúchasach leibhéal an-ard cultúrtha a bhaint amach i gcúrsaí curadóireachta, ailtireachta agus státaireachta, cosúil le [[cultúr Mississippi]] a bhí faoi réim sna blianta 1500-800 RC, a bheag nó a mhór.
I 1492, shroich an taiscéalaí [[Genova]]ch [[Criostóir Colambas]], a bhí faoi chonradh ag Coróin na [[An Spáinn|Spáinne]], roinnt oileán i [[Muir Chairib]]. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil mar Naomh Breandán agus Lochlannaigh ann roimhe ón [[An Eoraip|Eoraip]]. (Tá sé cinnte go ndeachaigh na Lochlannaigh chomh fada sin ó dheas le [[Talamh an Éisc]]). Sna blianta
{{glanadh}}
Ar 2 Aibreán 1513, tháinig an ''[[conquistador]]'' Spáinneach [[Juan Ponce de León]] i dtír ar "[[La Florida]]," mar a bhaist sé air. Ba é sin an chéad teacht Eorpach ar mhórthír na Stát Aontaithe a bhfuil tásc air sna cáipéisí. As na coilíneachtaí bunaithe sa réigiún ag [[an Spáinn]], ní mhaireann ach St. Augustine, a bunaíodh sa bhliain 1565, sa lá atá inniu ann. Chruthaigh trádálaithe Francacha na bhfionnaigh urphoist timpeall na [[Locha Móra|Lochanna Móra]]; sa deireadh d’éiligh an Fhrainc an chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh go dtí [[Murascaill Mheicsiceo|Murascaill na Meicsiceo]] sa deisceart. Ba iad Coilíneacht Virgina, a bunaíodh i [[Jamestown]] i 1607, agus Coilíneacht Plymouth na n-Oilithreach, a bunaíodh i 1620, ceann de céad áiteanna lonnaithe rathúla na Sasanach. Bhí a lán [[inimirce]] de thoradh chairtfhostú na Coilíneachta [[Bhá Mhassachusetts]] i 1628. Thairis sin, bhí [[Sasana Nua]] lonnaithe le timpeall 10,000 [[Piúratánach]] faoin mbliain 1634. Idir deireadh na 1610-idí agus [[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá]], chuir timpeall 50,000 ciontach go dtí na coilíneachtaí a bhí ag Sasana, agus níos moille an Bhreatain Mhór, i Meiriceá. Thosaigh [[muintir na hOllainne]] ag bunú áite lonnaithe feadh theorainn theas [[Abhainn an Hudson|Abhann Hudson]], Amsterdam Nua ar [[Manhattan|Oileán Manhattan]] san áireamh. Bunaíodh áit lonnaithe beag le taobh na [[nAbhann Delaware]] i 1638, dár n-ainm An tSualainn Nua, ach glacadh an áit sin ar láimh leis na hOllannaigh i 1655.
I 1674, bhí na Sasanaigh i gceannas ar na sean-choilíneachtaí Ollannacha; mar sin, athraíodh ainm chúige Nua Ísiltír go dtí Nua-Eabhrac agus New Jersey. Tháinig a lán seirbhísigh féichiúnaigh go dtí an tír – go háirithe sa deisceart. Idir 1630 agus 1680 bhí dhá thrian de na hinimircigh ina seirbhísigh féichiúnaigh. Ag críoch na haoise, bhí sclábhaithe Afracacha ag éiriú príomh-fhoinse an saothair banna. Chruthaigh na 13 coilíneacht Bhriotanacha, a n-éireodh Stáit Aontaithe Mheiriceá, le deighilt na Carolinas i 1729 agus
=== Neamhspleáchas agus fairsingiú Mheiriceá ===
Líne 101:
[[Íomhá:Lange-MigrantMother02.jpg|thumb|220px|Grianghraf cáiliúil ó thréimhse an Spealta Mhóir: ''Migrant Mother'' le [[Dorothea Lange]] ([[1936]])]]
I rith an chuid is m
Ar an 7 Nollaig 1941,tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin. Ba é an dara Cogadh Domhanda an cogadh ba chostasaí ar fud stair Mheiriceá; ach fós mhéadaigh eacnamaíocht na Stáit Aontaithe mar cruthaíodh a lán infheistíochtaí agus post. Tionóladh comhdháil chomhghuaillithe i m[[Bretton Woods]] agus i [[Yalta]] agus tugadh mionchuntas ar córais idirnáisiúnta nua a chuir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach i lár cúrsaí domhain. I ndiaidh bua san Eoraip, tionóladh comhdháil idirnáisiúnta i [[San Francisco]] a sholáthair [[Cairt na Náisiún Aontaithe]]. Ba í Meiriceá an chéad tír ar domhain chun [[airm núicléacha]] a fhorbairt agus d’úsáid siad na hairm sin ar dhá chathair sa tSeapáin, [[Hiroshima]] agus [[Nagasaki]], i Mí Lúnasa. Ghéill [[an tSeapáin]] ar an dóú de Mheán Fómhair agus chuir sé sin críoch leis an gcogadh.
|