Péintéir{{WD Bosca Sonraí Duine}} [[SAM|Meiriceánach]] is ea '''Wayne Thiebaud''' (fuaimnítear Thiebaud ar bhealach na Fraincise, .i. tí-BÓ) a rugadh ar [[15 Samhain]] [[1920]] agus a aithnítear as a chuid shaothar, a dhéanann íomhánna ildaite de rudaí coitianta mar choirceoga uachtair reoite, chístí, agus phéintchannaí, chomh maith le tírdhreacha agus daoine. Áirítear é mar bhall de ghluaiseacht na [[pop-ealaín]]e mar gheall ar a spéis in ábhar ón ollchultúr agus cé go raibh a chuid luathshaothar sna 1950idí agus 60idí beagán chun tosaí ar shaothair na bpop-ealaíontóirí clasaiceacha. Cuireann Thiebaud an phéint ar an gcanbhás go tiubh agus úsáideann sé dathanna áibhéalacha; beagnach i gcónaí, bíonn na scáthanna geal glan mar a bhíonn siad i bhfógraí trádálacha.