An difríocht idir athruithe ar: "Rote Armee Fraktion"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:RAF-Logo.svg|thumb|Suaitheantas na droinge. Taispeánann sé fo-inneallghunna den déanamh ''Heckler & Koch''.]]
Drong radacach sceimhlitheoirí ón eite chlé a bhí i '''Rote-Armee-Fraktion''' ("Faicsean an Airm Dheirg"), nó ''Drong Baader-Meinhof'' mar ba mhinic a thugtaí uirthi sna nuachtáin) a bhí gníomhach i bPoblacht Chónaidhme na [[An Ghearmáin|Gearmáine]] ón bhliain 1970 go dtí an bhliain 1998.<ref>
B'iad [[Andreas Baader]], [[Gudrun Ensslin]], [[Ulrike Meinhof]], [[Horst Mahler]] agus daoine eile a bhunaigh an drong sa bhliain 1970, faoi thionchar an radacachais chlé agus an fhrithimpiriúlachais a bhí faiseanta san am. Bhí siad ag déanamh aithrise ar na treallchogaithe cathartha i [[Meiriceá Theas]], go háirithe na ''[[Tupamaros]]'' in [[Uragua]]. Mharaigh sceimhlitheoirí na droinge 34 duine, robáil siad a lán bancanna, agus rinne siad a lán buamálacha. Sa bhliain 1998, d'fhógair siad go raibh siad éirithe as an bhfeachtas míleata. Is é an t-ainm a thug an drong uirthi féin ná ''Rote-Armee-Fraktion'' nó ''RAF'', ach ba nós leis na nuachtáin iad a ainmniú as Andreas Baader agus Ulrike Meinhof. Bhí clú áirithe ar Meinhof mar iriseoir radacach sular tháinig an drong sceimhlitheoireachta ar an bhfód. Bhí ról ní ba tábhachtaí ag Gudrun Ensslin sa drong, áfach.
Line 10 ⟶ 12:
== Cúlra ==
Sna [[1960idí|seascaidí]], tháinig glúin óg ar an bhfód sa Ghearmáin Thiar a bhí an-chriticiúil ar iompraíocht na n-aithreacha agus na máithreacha i ré an Naitsíochais. Fuair na daoine óga locht ar an gcaipitleachas, ar an saol buirgéiseach agus ar an daonlathas parlaiminteach féin. Faoi thionchar na n-agóidí in aghaidh [[Cogadh Vítneam|chogadh Vítneam]] agus na ngluaiseachtaí radacacha eile sna Stáit Aontaithe, d'éirigh cuid den tsochaí an-mhíshásta leis na polasaithe Meiriceánacha. Bhí na mic léinn ag agóidíocht sna sráideanna ar fud na hEorpa. San am seo, bhí an Ghearmáin á rialú ag an gComhrialtas Mór nó an ''Grosse Koalition'', comhrialtas na nDaonlathach Sóisialta (an eite chlé) agus na nDaonlathach Críostaí (na coimeádaigh), ionas nach raibh freasúra clé ar bith sa pharlaimint nó an ''Bundestag'' (Dáil na Cónaidhme). Mar sin, thug radacaigh óga na n-ollscoileanna ''Ausserparlamentarische Opposition'' (APO) nó an Freasúra Easphairliminteach orthu féin.
I ndeireadh na seascaidí, áfach, thit an Freasúra Easphairliminteach as a chéile. Chinn cuid de na radacaigh óga triail a bhaint as an bpolaitíocht pharlaiminteach , dhaonlathach mar sin féin, agus iad ag áitiú go raibh sé incheaptha an tsochaí a athrú ar dhóigh shíochánta, nuair a shealbhódh na radacaigh forais an stáit is na sochaí - ''Marsch durch die Institutionen'' nó an Mháirseáil tríd na Forais a thug siad ar an bpolasaí seo. Iad siúd a bhí ag iarraidh an mháirseáil seo a chur díobh, chuaigh cuid mhór acu sna Daonlathaigh Shóisialta agus iad ag iarraidh a gcuid smaointeachais féin a scaipeadh sa pháirtí. Maidir leis na radacaigh dholeigheasta nár chreid a dhath sna forais dhaonlathacha, bhí cuid áirithe acu le dul le
Na sceimhlitheoirí a bhí páirteach in oibreacha uafáis na droinge, is féidir iad a dhealú ina dtrí ghlúin nach raibh mórán caidrimh eatarthu. Bhain Baader, Ensslin, Meinhof agus Mahler leis an gcéad ghlúin. Nuair a cuireadh an dlí orthu i bpríosún Stammheim, b'iad lucht na dara glúine a bhí amuigh ag sceimhlitheoireacht. Bhí na glúine difriúil go leor le chéile ó thaobh na hidé-eolaíochta agus na heagraíochta de. Mar sin féin, róshimpliúchán a bheadh ann dá ndéarfaí gur trí dhrong éagsúla a bhí iontu.
Line 49 ⟶ 53:
Chuaigh an dlí ar na sceimhlitheoirí i mBealtaine 1975, agus na breithiúna, na cúisitheoirí agus na cosantóirí ag teacht le chéile sa phríosún ina raibh na cúisithe á gcoinneáil - Stammheim in aice le Stuttgart. (Inniu, tugtar Foras Peannaideach Stuttgart, nó ''Justizvollzugsanstalt Stuttgart'', ar an áit.) Ar an 29 Samhain 1975, gearradh príosúnacht ocht mblian do Meinhof. I Mí Aibreáin 1977, daoradh Baader agus Ensslin chun príosúnachta lena saol.
Ar an 9 Bealtaine 1976, fuair na séiléirí rompu Meinhof ina cillín féin agus í marbh, nó bhí sí tar éis í féin a chrochadh. [[Féinmharú]] a bhí ann, de réir an choiste oifigiúil.
=== An Dara Glúin ===
Line 62 ⟶ 64:
Ina dhiaidh seo, áfach, dhírigh an dara glúin ar shaoirse a bhaint amach do lucht na chéad ghlúine thar aon rud eile. Ar an 24 Aibreán 1975, ghabh na sceimhlitheoirí ambasáid na Gearmáine i Stócólm. Bhí seisear sceimhlitheoirí ag coinneáil cuid den ambasáid faoi smacht agus ag éileamh saoirse do Baader, Ensslin agus an chuid eile den Chéad Ghlúin. Mharaigh siad beirt taidhleoirí Gearmánacha, agus sa deireadh, phléasc buama dá gcuid de thimpiste, ionas go ndeachaigh an ambasáid go léir trí thine. Fuair beirt sceimhlitheoirí bás sa dóiteán - Ulrich Wessel agus Siegfried Hausner - ach d'éirigh leis na gialla teitheadh leo. Rugadh ar na sceimhlitheoirí eile, mar atá, Hanna Krabbe, Karl-Heinz Dellwo, Lutz Taufer, agus Bernhard Rössner. B'é an dlíodóir Siegfried Haag a d'earcaigh na sceimhlitheoirí seo, ach ní raibh sé féin páirteach sa ruathar. Ar an 30 Samhain 1976, ghabh na póilíní Haag, agus tháinig siad ar a lán doiciméad aige - pleananna le haghaidh na ruathar a bhí le déanamh sa bhliain a bhí chugainn. Ni raibh na póilíní in ann, áfach, ciall a bhaint as na caipéisí seo in am, nó bhí siad scríofa i dteanga chódaithe. Thairis sin, tháinig ceannasaí nua i gcomharbas ar Haag, bean a raibh na húdaráis díreach i ndiaidh scaoileadh saor léi - Brigitte Mohnhaupt.
[[Íomhá:D-ABCE B737-230C Lufthansa MAN 24OCT75 (6141698947).jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:D-ABCE%20B737-230C%20Lufthansa%20MAN%2024OCT75%20(6141698947).jpg|mion|[[Eitil|Eitilt]] [[Lufthansa]] LH 181 Palma de Mallorca go Frankfurt / Main darb ainm ''Landshut,'' a thuirling i [[Mogaidisiú]] ar 13 Deireadh Fómhair 1977]]
==== "Fómhair na Gearmáine", 1977 ====
{{Main|Fómhair na Gearmáine}}
Tréimhse fhoréigneach agus fulangacht ab ea '''Fómhar na Gearmáine''', mar a thugtar uirthi ([[An Ghearmáinis|Gearmáinis]]: ''Der'' ''Deutscher Herbst''), ó [[7 Aibreán]] [[1977]] go dtí [[18 Deireadh Fómhair]] [[1977]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.facebook.com/UCDSchoolofLaw/posts/2180445471979765|teideal=Fómhair na Gearmáine|údar=Scoil Dlí, COBÁC|dáta=2018-10-18|language=ga|work=www.facebook.com|dátarochtana=2020-10-18}}</ref> Shroich feachtas na sceimhlitheoirí, an [[Rote Armee Fraktion]], barr a ghéaradais le linn "Fhómhar na Gearmáine", is é sin, [[Fómhar]] na bliana 1977.
[[Íomhá:Stuttgart Dornhaldenfriedhof-8.jpg|mion|leacht cuimhneacháinː féinmharú [[18 Deireadh Fómhair]] [[1977]] - Gudrun Ensslin, [[Andreas Baader]], agus Jan-Carl Raspe]]
==== 1978 ====
Ar an 11 Bealtaine 1978, rug na póilíní Iúgslavacha ar Brigitte Mohnhaupt, Peter-Jürgen Boock, Sieglinde Hofmann agus Rolf Clemens Wagner i Zagreb. Thairg an Iúgslaiv iad a eiseachadadh go dtí an Ghearmáin, dá mbeadh an rialtas Gearmánach sásta ochtar Crótach a bhí ar a seachnadh ó na húdaráis Iúgslavacha sa Ghearmáin a chimiú agus a thabhairt don Iúgslaiv in éiric na sceimhlitheoirí. Ní raibh an Ghearmáin sásta na Crótaigh a fhágáil faoi luí na bíse ag an Iúgslaiv Chumannach, agus mar sin, cheadaigh na hIúgslavaigh do na sceimhlitheoirí aghaidh a thabhairt ar Éimín Theas.
Ar an 25 Meitheamh 1979, rinne an RAF iarracht [[Alexander Haig]], ardcheannasaí na dtrúpaí Meiriceánacha san Eoraip (agus ina dhiaidh sin, Aire Gnóthaí Eachtracha, nó ''Secretary of State'', nuair a bhí [[Ronald W. Reagan|Ronald Reagan]] ina [[Uachtarán na Stát Aontaithe|Uachtarán ar na Stáit Aontaithe]]), a mharú le [[buama]]. Chuir siad ábhar pléasctha i bpíobán a bhí ag rith faoin tsráid i gcóngar le Ceanncheathrú [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|ECAT]] i gCasteau sa [[An Bheilg|Bheilg]], agus nuair a bhí a ghluaisteán pearsanta ag tabhairt Haig go dtí an Cheanncheathrú, mhaidhm na sceimhlitheoirí an buama faoin tsráid. Tháinig Haig slán as an iarraidh mharfa
Sna blianta 1978-1982, bhí iarsmaí na sceimhlitheoirí ar a seachnadh sa
=== An Tríú Glúin ===
Mar a fuair Údarás Cosanta an Bhunreachta, nó an ''Verfassungsschutz'', amach, bhí timpeall ar fiche óglach armtha agus 250 cúlaistín nó tacadóir gníomhach sa tríú glúin den drong. Rinne an ghlúin seo a lán ruathar sabaitéireachta agus mharaigh siad boic mhóra de chuid an tsaoil pholaitiúil nó eacnamúil. D'fhoilsigh an drong doiciméad clár oibre i Mí Bealtaine 1982, an ''Mai-Papier'', nó Doiciméad na Bealtaine, agus iad ag fógairt ansin go raibh siad le bun-choincheap na droinge a athrú. Ní raibh siad ag iarraidh saoirse a bhaint amach le lámh láidir do lucht na chéad ghlúine, ach ag pleanáil gníomhartha sceimhle go mionchruinn agus ag dul i gcomhar leis na dronga sceimhlitheoireachta eile san Eoraip, ar nós an ''Action Directe'' ("An Gníomh Díreach") san Fhrainc, na ''Brigate Rosse'' ("Na Briogáidí Dearga) san Iodáil agus na ''Cellules Communistes Combattantes'' ("Na Cealla Cathacha Cumannacha") sa Bheilg.
[[Íomhá:RAF-lid Rolf Clemens Wagner, Bestanddeelnr 929-4322.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:RAF-lid%20Rolf%20Clemens%20Wagner,%20Bestanddeelnr%20929-4322.jpg|mion|Rolf Clemens Wagner & Friederike Krabbe, ar 11 Samhain 1977]]
Níl mórán ar eolas faoi na daoine a bhí páirteach in obair na tríú glúine. Níos mó ná duine as gach beirt, níl a fhios ag údaráis dlí na Gearmáine cérbh iad féin nó cad iad na hainmneacha a bhí orthu. Iad siúd a bhfuil a n-ainmneacha ag na húdaráis, ní raibh ach Wolfgang Grams agus Birgit Hogefeld i gceannas ar an drong, de réir dealraimh. Maidir leis na dúnmharuithe a rinne an drong sna blianta 1985-1993, níl a fhios ag na húdaráis ach ainm aon duine acu siúd a bhí páirteach. Murab ionann agus sna seachtóidí, ní raibh radacaigh eile na heite clé sásta cuidiú ná comhoibriú leis na sceimhlitheoirí a thuilleadh.
Ar an 1 Feabhra 1985 lámhachadh Ernst Zimmermann, bainisteoir an chomhlachta armála úd MTU, istigh ina theach féin. Ní heol cérbh iad a rinne é. Ar an 8 Lúnasa 1985 mharaigh Birgit Hogefeld agus Eva Haule saighdiúir Meiriceánach darbh ainm Edward Pimental. Ghoid siad a chárta aitheantais uaidh, agus baineadh leas as an gcárta ina dhiaidh sin leis an aerbhunáit Mheiriceánach úd ''Rhein-Main Air Base'' in aice le haerfort Frankfurt a insíothlú agus a bhuamáil. Bhí an Action Directe agus Rote Armee Fraktion ag comhoibriú le chéile leis an ruathar seo a dhéanamh. Fuair saighdiúir amháin agus sibhialach amháin bás sa phléasc, agus gortaíodh aon duine déag. Ina dhiaidh sin, d'eisigh na sceimhlitheoirí litir admhála a raibh suaitheantais an dá dhrong uirthi. Lochtaigh na cléradacaigh dúnmharú Pimental go fíochmhar, ós rud é nach raibh ann ach gnáthshaighdiúir a maraíodh ar an t-aon chúis amháin go raibh a chárta aitheantais ag teastáil ó na sceimhlitheoirí. Níos déanaí, d'admhaigh na sceimhlitheoirí féin gur botún polaitiúil a bhí ann.
Line 177 ⟶ 172:
* BRÜCKNER, Peter: ''Ulrike Marie Meinhof und die deutschen Verhältnisse''. Verlag Klaus Wagenbach, Beirlín 1976
{{Refend}}
== Féach freisin ==
* [[Fómhair na Gearmáine]]
== Tagairtí ==
|