An difríocht idir athruithe ar: "Tethys"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
mNo edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Tíreolaíocht Fhisiceach}}
[[Íomhá:Tethys_PIA07738.jpg|thumb|Tethys ([[Cassini]])]]
Satailít de chuid [[Satarn (pláinéad)|Shatarn]] í '''Tethys'''. Ba é [[Giovanni Domenico Cassini]] a chuir an chéad sonrú inti thiar sa bhliain [[1684]]. Níl inti go bunúsach ach leac oighir, agus í ar ceann de na reanna neimhe is mó ailbéideachta sa Ghrianchóras - is é sin, frithchaitheann sí cuid mhór den solas a bhuaileann í. Is iad an dá shainchomhartha is mó ar dhromchla Tethys ná an cráitéar úd Odysseus ar an leathsféar iartharach, agus é 400 ciliméadar ar trastomhas, agus an gleann úd Ithaca Chasma atá céad ciliméadar ar leithead agus 2000 ciliméadar ar fad. Tá Tethys féin 1066 ciliméadar ar mheán-trastomhas. Tá dhá Thraíoch ag Tethys, mar atá, Telesto agus Calypso.