An difríocht idir athruithe ar: "Scamall Mór Magellan"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Tíreolaíocht Fhisiceach}}'''Scamall Mór Magellan''' (an seacht míle déag dhá chéad fiche tríú réad ar [[PGC|Phríomh-Chatalóg na Réaltraí]], mar atá, PGC17223): ceann de dhá réaltra bheaga ar déanamh neamhrialta a dtugtar Scamaill Magellan orthu, agus é le feiceáil i réaltbhuíonta [[An Colgán|an Cholgáin]] agus [[an Tábla]]. [[Scamall Beag Magellan]] atá ar an gceann eile. Is réaltbhuíonta iad seo nach bhfeictear ach ar an leath theas den [[sféar neamhaí]], sách cóngarach don phol theas fiú, agus mar sin, ní raibh aithne ag muintir na hEorpa ar na scamaill seo roimh na [[Ré na Fionnachtana|turasanna móra farraige]] a nocht cosúlacht agus déanamh [[An Domhan|an Domhain]] féin dár sinsir. Ní díol iontais é ar aon nós gurb as [[Fernão de Magalhães]] (nó Ferdinand Magellan, mar a thugtar air ina lán teangacha, an [[Béarla]] san áireamh), an taistealaí farraige a thaispeáin gur sféar é an Domhan, a hainmníodh iad.
 
[[Íomhá:Large.mc.arp.750pix.jpg|thumb|Scamall Mór Magellan]]
Chreideadh na réalteolaithe go dtí le déanaí go raibh an Scamall Mór ar an réaltra ba ghaire do Bhealach na Bó Finne, ach, le déanaí, thángthas trasna ar réaltra beag atá níos cóngaraí fós, mar atá, [[Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora]].