An difríocht idir athruithe ar: "Tonnmharcaíocht"

Content deleted Content added
Undo revision 97781 by 83.193.183.189 (Talk) linkspam
Líne 3:
 
==Stair==
Tá stair an spóirt ársa seo chomh rúndiamhrach leis an spórt é féin. Níl a fhíos go baileach cén áit ar ghineadh cultúr an spóirt chultais seo. Luath nó  mall is cinnte gur tháinig feasacht chúrsaí mara ar aon dream a chur chun farraige riamh. Cosmuintir tír s'againn féin ina measc. Mhúnlaigh siad a gcuid currachaí agus [[Iomradh|naomhóga]] ag braith ar an gceantar farraige a raibh siad ar fónamh. Cinnte bhí an fheasacht chéanna de dhíth ar mhuintir chladaigh iarthair na hAifrice agus [[Peiriú]]. Go deimhin thug a sinsir siúd adhradh do mhaidhmeanna. Pé scéal tá rian an chultúr marcaíocht mhaidhme greannta go smior i gcultúr na hoileáin Hawai'i. Is gáirdín pharthais iad na hoiléain chéanna don mharcach maidhme. Tá siad suite i gcroílár an [[Aigéan Ciúin|Aigéin Chiúin]] gan foscadh ó  suaitheadh na farraige móire. Ní nach ionadh mar sin gur ann a tháinig fás agus borradh faoin spórt seo. Ní amháin gur chleacht gnáthmhuintir na noiléan an marcaíocht mhaidhme ach is cosúíl gur deasghnáth ríoga a bhi ann chomh maith. Ba ag na taoisigh a bhí ceart a bhealaigh ar na maidhmeanna. Ba le theacht an [[An Astráil|Captaen James Cook]] chuig na hoiléin seo i 1778 a tháinig muintir na hEorapa agus muintir an domhain mhóir ar an spórt.
 
==Clár maidhme==
Líne 18:
*[http://www.isasurf.ie Suíomh oifigiúil mharcaíocht mhaidhme in Éirinn]
*[http://www.surfingireland.net Suíomh le heolas faoi mharcaíocht mhaidhme in Éirinn]
*[http://www.magsurf.cs.cx MagSurf]
 
[[Rang:Spórt]]