An difríocht idir athruithe ar: "Cathussach mac Eterscélai"

Content deleted Content added
Aistrithe
WD
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
[[Ríthe na Mumhan|Rí na Mumhan]] d'[[Eoghanacht Áine]] '''Cathasach mac Eidirscéil''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Cathussach mac Eterscélai''') (bás c. 769). [[Eterscél mac Máele Umai|Eidirscéal mac Maoil Umha]] (bás 721), iar-rí, ba ea a athair.<ref>Byrne, Tábla 13</ref> Bhí a mhuintir suite in oirdheisceart [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], ag [[Cnoc Áine]] gar de mhainistir [[Imleach|Imligh]] i g[[Contae Thiobraid Árann]].
 
Line 7 ⟶ 8:
Ní dhéantar tagairt do Chathasach agus eachtraí a tharla le linn a réimis á thaifeadadh. Sa cheantar [[Cliú|Chlíu]] (oirthear Chontae Luimnigh agus cuid de Chontae Thiobraid Árann), tharla cath sa bhliain 744 inar maraíodh Chonchúr, rí [[Uí Fiodhghinte]] as Luimnigh.<ref>[[Annála Uladh]], AU 744.4</ref> Cé go raibh muintir Cathasaigh ina gcónaí ar theorainn Chliú, ní fios ar throid seisean sa chath, nó b'fhéidir miondreamanna an cheantair ag cúr i gcoinne smachtú Uí Fiodhghinte. Sa [[Tuadhmhumhain]] i g[[Contae an Chláir]], scrios na [[Déise]] an [[Corco Mruad|Chorca Mrua]] sa bhliain 744, agus tharla cath idir Uí Fiodhghinte in éadan na Corca Mrua agus na [[Corcu Baiscinn|Corca Baiscinn]] sa bhliain 763.<ref>AU 744.8, 763.9</ref> Ba é folús cumhachta a fágadh de bharr meath [[Uí Fiachrach Aidhne]] na g[[Connacht]] a bhí faoi bhun coimhlint pholaitiúil an cheantair.
 
Sa bhliain 747, tharla [[Cath Charn Ailche]] idir fir na Mumhan, inar maraíodh Cairbre mac Con Díonaisc, ball d'[[Eoghanacht Locha Léin]] leath-neamhspleách.<ref>AU 747.8</ref> Tharla [[Cath Cheann Fabrat]] (gar de [[Cnoc Suí Finn|Chnoc Suí Finn]], Contae Luimnigh), arís idir fir na Mumhan, sa bhliain 757, inar maraíodh ''Bobdgal'', uachtarán [[Mungairit|Mhungairit]] (mainistir gar de Chathair Luimnigh).<ref>AU 757.5</ref> Ní fios cé a bhuaigh, agus is deacair é mar thoradh coimhlint cumhachta na linne seo a thuiscint. Tá a fhios againn áfach, gur briseadh monaplacht an chiorcail istigh ag an gcéad comharbacht eile accession, nuair a tháinig [[Máel Dúin mac Áedo|Maol Dúin mac Aodha]] i réim.
 
==Foinsí==