An difríocht idir athruithe ar: "Mainistir Bhuithe"

Rinne mé ceartúchán ar an tuiseal ginideach Corrected the genetive tense
mNo edit summary
(Rinne mé ceartúchán ar an tuiseal ginideach Corrected the genetive tense)
clib: Reverted Mobile edit Mobile web edit
 
[[Íomhá:Gabháil Íosa.jpg|thumb|left|Ecce Homo nó Gabháil Íosa, Tá Íosa i lár báire agus beirt shaighdiúir taobh leis.]]
Tá dhá séipéal i measc na bhfothrach, tógtha san cheathrú haois déag nó níos déanaí agus cloigtheach níos luaithe, ach tá clú ar an áit mar gheall ar a cuid ardchros, tógtha san [[10ú haois|deichiú haois]]. Tá an cloigtheach 35 méadar in airde, agus cuma mhaith air, cé nach féidir dul isteach ann. Creidtear go raibh sé tógtha mar tearmann faoi choinne na manach in aghaidh ionsaí na [[LochlannachLochlannaigh]], cé nach bhfuil gach duine sásta leis an míniúchán seo. Dódh an mhainistir sa bhliain 1079.
 
Áirítear Cros Mhuirígh i Mainistir Bhuíthe (c.923 A.D.) mar shárshaothar na n-ardchros uile. Cros le colún ard agus géaga measartha gairid le ciorcal lárnaithe ar an bpointe a ngearrann siad trasna a chéile atá ann (i.e. cros rothlach.). Bhí [[Muiredach Mac Domhnaill]], a fuair bás sa bhliain 923 ina ab ar an mhainistir. Tá os cionn 250 cros in [[Éirinn]]. Ní fhaightear ardchrosa s[[an Eoraip]] ach in Éirinn agus sna tíortha a bhí faoi thionchar na hÉireann ag an am, [[Alba]], [[Oileán Mhanann|Manainn]] agus [[Sasana]].
Léiríonn na h-ardchrosa gaol áirithe le dealbhóireacht ón [[An tSeoirsia|tSeoirsia]] agus ón [[An Airméin|Airméin]] a d’fhéadfaí a thréithriú mar anáil an mhanachais Cheartcheidmhigh. Ach d’ainneoin sin léiríonn íocónagrafaíocht na gcros nasc le sacrcafagais Luath-Chríostaí na Róimhe. Tugtar Crosa Screaptra orthu chomh maith mar gheall ar sin. Is cosúil gur athchruthú oilithreacht don Róimh a bhí iontu.
 
Tá radhairc dealbhaithe ar Chros Mhuirígh as an Sean-Tiomna agus as an Nua-Tiomna. Tá creimeadh na haimsire ar dhromchla na gcros eile, an Chros Thuaidh agus an Chros Thiar.
 
== Naisc sheachtracha ==
Úsáideoir gan ainm