An difríocht idir athruithe ar: "Annraoi Ó Liatháin"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Ah, is cuimhin liom é. Bhí sé ina chónaí i mBaile na nGall sna 1970í nuair a bhí mé óg.
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
 
[[Scríbhneoireacht|Scríbhneoir]] [[Éire]]annach ab ea '''Annraoi Ó Liatháin''' ([[1917]] - [[1981]]). Bhí stíl chorraitheach éasca scríbhneoireachta aige a mheall go leor daoine óga i leith na léitheoireachta [[Gaeilge]], go háirithe sa leabhar ''Laochra na Machairí'', stair na [[Meiriceánaigh Dúchasacha|Meiriceánach Dúchasach]] a throid in aghaidh ionradh na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]] ar a dtailte sa [[19ú haois|19ú céad]]. Ní raibh sé ina chainteoir dúchais sa chiall is déine, ach is minic a chuaigh sé ar cuairt go [[Gaeltacht]] [[An Rinn (Contae Phort Láirge)|na Rinne]] i g[[Contae Phort Láirge]] nuair a bhí sé ina pháiste. Tá blas na canúna sin ar go leor dár scríobh sé. Chaith sé seal ina óige ina bhall de Chraobh na hAiséirí de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], craobh a d'iompaigh ina heagraíocht neamhspleách pholaitiúil faoin ainm [[Glúin na Buaidhe]] (leagan [[Gaeilge Uladh|Ghaeilge Uladh]] de "Ghlúin an Bhua" an [[An Caighdeán Oifigiúil|Chaighdeáin]]). Ba bhall gníomhach é de [[Sinn Féin|Shinn Féin]] agus chaith sé seal ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.