An difríocht idir athruithe ar: "KGB"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[Íomhá:KGB Symbol.png|thumbmion|Siombail an KGB: claíomh agus sciath. Tabhair faoi deara go bhfuil na litreacha ''VChK - KGB'' le léamh ar an suaitheantas seo. Seasann na litreacha ''ВЧК/VChK'' don chéad réamhtheachtaire stairiúil a bhí ag an KGB - ''Cheka'' nó ''Vecheka'', is é sin, ''Всероссийская чрезвычайная комиссия по борьбе с контрреволюцией и саботажем - Vserossiyskaya chrezvychaynaya komissiya po bor'be s kontrrevolyutsiey i sabotazhem'' - Coimisiún Neamhghnách na hUile Rúise um Chath in aghaidh na Frithréabhlóide agus na Sabaitéireachta]]
Seasann na litreacha cinniúnacha úd '''KGB''' ([[Rúisis]]: ''КГБ'') do ''Комитет государственной безопасности/Komitet gosudarstvennoy bezopasnosti'', is é sin, '''Coiste Slándála an Stáit'''. B'é an coiste seo an scátheagras a chuimsigh rúnseirbhís, [[póilíní]] rúnda agus seirbhísí faisnéise [[An tAontas Sóivéadach|an Aontais Shóivéadaigh]] sna blianta 1954-1991.
 
Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, tugadh ainm nua ar sheirbhísí rúnda na [[An Rúis|Rúise]], is é sin, ''Федеральная служба безопасности/Federal'naya sluzhba bezopasnosti'' nó [[FSB]] (''ФСБ''), is é sin, an t[[Seirbhís Fheidearálach Slándála]].
 
Sa [[An Bhealarúis|Bhealarúis]], choinnigh na seirbhísí rúnda an seanainm Rúisise, ach is é KDB an leagan Bealarúisise (''Камітэт дзяржаўнай бяспекі/Kamitet dziaržaǔnaj biaspieki'').
 
== Bunús agus Forbairt an KGB ==
 
B'é ''[[Cheka]]'', nó Coimisiún Neamhghnách na hUile Rúise um Chath in aghaidh na Frithréabhlóide is na Sabaitéireachta, an chéad rúnseirbhís a bhí ag obair sa Rúis Shóivéadach i ndiaidh do [[Léinín]] an chumhacht a shealbhú. Bunaíodh ar an [[20 Nollaig]] [[1917]] é. I rith na mblianta, is iomaí ainm nua a baisteadh ar ''Cheka'', cosúil le OGPU (''Объединённое государственное политическое управление/Ob'yedinyonnoye gosudarstvennoye politicheskoye upravleniye'' - Riarachán Aontaithe Polaitiúil an Stáit) sa bhliain 1923, NKGB (''Народный комиссариат государственной безопасности/Narodnyi komissariat gosudarstvennoy bezopasnosti'' - Coimeasáracht Phobail Slándála an Stáit) sa bhliain 1941, MGB (''Министерство государственной безопасности/Ministerstvo gosudarstvennoy bezopasnosti'' - Roinn Slándála an Stáit) sa bhliain 1946, agus araile. Cúrsaí polaitíochta ba chúis leis na hathruithe éagsúla seo. I Márta 1953, chumaisc [[Lavrentiy Beriya]] Roinn Slándála an Stáit agus Roinn na nGnóthaí Inmheánacha in aon Roinn amháin (MVD, ''Министерство внутренних дел/Ministerstvo vnutrennykh del'' - Roinn na nGnóthaí Inmheánacha), ach roimh dheireadh na bliana céanna, cuireadh Beriya chun báis, agus scaradh an dá Roinn ó chéile arís. B'ansin a tháinig an KGB ar an bhfód. Bhí an coiste seo ceangailte go dlúth de Chomhairle na nAirí - rialtas an Aontais Shóivéadaigh - agus é ag tabhairt aire do shlándáil inmheánach agus eachtrach an stáit Shóivéadaigh agus ag bailiú faisnéise faoi shicréidí na stát eile. Ar an 5 Iúil 1978, d'athraigh ainm oifigiúil an KGB ó "Choiste Slándála an Stáit ag Comhairle Airí an Aontais Shóivéadaigh" go "Coiste Slándála Stáit an Aontais Shóivéadaigh", agus rinneadh Aire Rialtais de chathaoirleach an Choiste.
 
Tháinig deireadh le stair an KGB, nuair a bhain an Coirnéal-Ghinearál [[Vladimir Kryuchkov]], Ceannasaí an KGB, leas as acmhainní na seirbhíse slándála san iarracht a rinne seisean agus coimeádaigh eile an Bhiúró Pholaitiúil leis an gcumhacht a sciobadh ó [[Mikhail Gorbachev]] i Mí Lúnasa [[1991]]. Thit an tóin as an g''coup d'état'' seo, agus caitheadh Kryuchkov i dtóin an phríosúin. Chuaigh an Ginearál [[Vadim Bakatin]] i gceannas ar an KGB, agus bronnadh na cumhachtaí air an t-eagras a scor. Ar an 6 Samhain 1991, tháinig dhá sheirbhís slándála nua in áit an KGB, mar atá, an [[SVR]] (''Служба Внешней Разведки/Sluzhba Vneshney Razvedki'') nó Seirbhís na Faisnéise Eachtraí, agus an FSB a luadh thuas. Tá an FSB an-chosúil leis an sean-KGB ó thaobh na heagraíochta de.
 
Ó lá a bhunaithe, bhí fórsa slándála stáit an Aontais Shóivéadaigh ceaptha "mar chlaíomh is mar sciath chosanta" do [[Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh|Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh]] agus don réabhlóid Bhoilséavach. I dtús a staire, is iomaí éacht a d'éirigh leis an bhfórsa, nó san am sin, ní raibh córas státslándála na dtíortha eile, cosúil leis [[an Ríocht Aontaithe]] agus na [[SAM|Stáit Aontaithe]], leath chomh dian is a shílfeá, agus mar sin, bhí sé an-fhurasta ag gníomhairí rúnda an Aontais Shóivéadaigh sleamhnú isteach i státseirbhís na dtíortha seo. Is iomaí duine san Iarthar a fuair an idé-eolaíocht [[Cummanachas|Chumannach]] tarraingteach go leor, agus mar sin, bhí na Sóivéadaigh in ann gníomhairí a earcú as measc mhuintir na dtíortha féin. Sampla maith de seo ab ea [[Cúigear Cambridge]], is é sin, cúigear [[Sasana]]ch a bhí ag staidéar in [[Ollscoil Cambridge]] nuair a d'earcaigh slándáil stáit an Aontais Shóivéadaigh iad: [[Kim Philby]], Donald Duart Maclean, Guy Burgess, Anthony Blunt agus an cúigiú fear nár haithníodh riamh go foirmeálta.
 
B'é an t-éacht spiaireachta ba mhó a d'éirigh leis na Sóivéadaigh ná gur insíothlaigh siad [[Tionscadal Manhattan]], an tionscadal a bhí ar obair ag na Meiriceánaigh leis an m[[buama adamhach]] a fhorbairt. Bhí beirt fhisiceoirí de chuid an tionscadail, mar atá, [[Klaus Fuchs]] agus [[Theodore Alvin Hall]], ag obair do na Sóivéadaigh.
 
Ní hamháin go raibh an KGB agus a réamhtheachtairí ag bailiú faisnéise - bhí siad ag géarleanúint naimhde polaitiúla [[Stailín]] fiú i dtíortha inar chreid siad iad féin slán sábháilte. Ina measc siúd, bhí iarsmaí na nGardaí Bána ó laethanta [[Cogadh Cathartha na Rúise|Chogadh Cathartha na Rúise]], a fuair tearmann sna tíortha Iartharacha, nó [[Leon Trotscaí]], a bhí ina bhall den Rialtas Bhoilséavach ar dtús, agus a chuaigh ar deoraíocht go [[Meicsiceo]] nuair a d'éirigh idir é agus [[Stailín]]. D'éirigh leis na Sóivéadaigh spiaire dá gcuid féin, Cumannach óg ón [[An Chatalóin|gCatalóin]] darbh ainm [[Ramón Mercader]], a sheangú isteach i gciorcal aitheantais Throtscaí, agus mharaigh sé an sean-Bhoilséavach le buille piocóide sa chloigeann.
 
I mblianta an [[Cogadh Fuar|Chogaidh Fhuair]], bhí an KGB ag déanamh páirt thábhachtach ag cosaint córas aonpháirtí an stáit Chumannaigh tríd na heasaontóirí polaitiúla a smachtú is a ghéarleanúint. Chuir an KGB brú mór ar dhaoine ar nós [[Aleksandr Solzhenitsyn]] agus [[Andrey Sakharov]]. D'éirigh leis an KGB freisin cuid mhaith faisnéise a bhailiú faoi eolaíocht is faoi theicneolaíocht an Iarthair. Mar shampla, bhí an t-eitleán forshonach Sóivéadach, [[Tupolev Tu-144]], múnlaithe ar an ''[[Concorde]]'', an t-eitleán forshonach a bhí á forbairt ag na Francaigh agus na Sasanaigh in éineacht.
 
In imeacht na mblianta, thosaigh an tobar ag trá ar an KGB, áfach. I ndiaidh don Aontas Shóivéadach [[Éirí amach na hUngáire]] a chloí sa bhliain 1956 agus deireadh a chur le h[[Earrach Phrág]] sa bhliain 1968, tháinig an tuiscint ag cuid mhór d'aos óg idéalach an Iarthair nach raibh san Aontas Shóivéadach ach tíorántacht bhrúidiúil. Mar sin, ní raibh an oiread sin de mhuintir an Iarthair sásta cuidiú leis an Aontas Sóivéadach a thuilleadh. Sna blianta deireanacha, b'éigean do na Sóivéadaigh airgead a íoc lena gcuid cúlaistíní Iartharacha.
Líne 24:
== Modh Oibre an KGB ==
 
Mar is gnách do na seirbhísí faisnéise ar fud an domhain, bhí idir fhoireann dhlíthiúil agus fhoireann neamhdhlíthiúil de chuid an KGB ag oibriú i ngach tír choimhthíoch. Bhí na gníomhairí dlíthiúla ag cur gothaí an taidhleora orthu féin, agus díolúine thaidhleoireachta acu ó dhlíthe na tíre sin. Dá bhfaighfeadh údaráis na tíre amach go raibh gníomhaire dlíthiúil ag déanamh spiaireachta, b'é an rud ba mheasa a d'fhéadfadh tarlú dó ná go ruaigfí as an tír sin é agus go gcaithfeadh sé dul abhaile. Maidir leis na gníomhairí neamhdhlíthiúla, ba léir nach raibh díolúine den chineál sin acu, agus dá mbéarfaí orthu, chaithfidís a shéanadh go raibh baint ar bith acu le rialtas an Aontais Shóivéadaigh.
 
Bhí na Sóivéadaigh ábalta cuid mhaith gníomhairí ardleibhéil a earcú sna tíortha Iartharacha, ó bhí an idé-eolaíocht Chumannach sách tarraingteach i súile a lán daoine ansin. I ndiaidh [[an Dara Cogadh Domhanda]], arís, bhí cuid mhaith daoine nach raibh ina gCumannaigh, bhí siad buíoch beannachtach de na Sóivéadaigh as an éacht a rinne a gcuid trúpaí ag treascairt thíorántacht [[Hitler]]. Ina dhiaidh sin féin, áfach, tháinig maolú ar an gcairdiúlacht idé-eolaíoch i rith na mblianta, nuair a thosaigh radacaigh óga an Iarthair ag lochtú an Aontais Shóivéadaigh faoin gconradh a shínigh [[Molotov]] agus [[Ribbentrop]] sa bhliain 1939 faoi chríochdheighilt Oirthear na hEorpa agus faoin dóigh ar chloígh na Sóivéadaigh éirí amach na hUngáire sa bhliain 1956 agus gluaiseacht dhaonlathach na Seicshlóvaice sa bhliain 1968. Ní raibh anlathas na seanfhear faoi [[Leonid Brezhnev]] ag taithneamh leis an dream seo ach an oiread. Mar sin, b'éigean don KGB dul i muinín dúmháil agus breabaireachta le gníomhairí nua a earcú san Iarthar.
 
I mbunáiteanna dlíthiúla an KGB, bhí na hoibríochtaí rangaithe go dian:
 
* an fhaisnéis pholaitiúil, an fhaisnéis eacnamaíoch, an [[Faisnéis mhíleata|fhaisnéis straitéiseach mhíleata]], agus scaipeadh an bhréageolais ("Líne PR")
Líne 41:
 
* cúrsaí na bpobal diaspóra ("Líne EM").
[[Íomhá:1990 CPA 6266.jpg|thumbmion|Kim Philby ar stampa poist ón APSS (1990)]]
 
Ní raibh struchtúr chomh dian ag an KGB neamhdhlíthiúil, de ghnáth.
Líne 61:
Idir an dá linn, bhí Beriya, a bhí i gceannas ar an Roinn Gnóthaí Inmheánacha, bhí sé ag comhchruinniú cumhachta ina lámha féin. Bhí sé ag dréim le teacht i gcomharbas ar Stailín. Sa bhliain 1953, fuair Stailín bás, agus ansin, chumaisc Beriya an MGB agus an MVD le chéile. Bhí baill eile an Phraesaidiam (sin é an t-ainm a bhí ar Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí Chumannaigh san am seo) barúlach go mbeidís féin i gcontúirt dá sealbhódh Beriya an chumhacht, agus bhain siad tosach de. Cúisíodh faoi "ghníomhaíocht choiriúil in aghaidh an Stáit agus an Pháirtí" é, agus cuireadh chun báis é faoi dheifir. Scoilteadh an MVD arís, agus fuair an sean-MGB ainm nua: an KGB, nó Coiste Slándála an Stáit ag Comhairle Airí an Aontais Shóivéadaigh.
 
An chéad chathaoirleach ar an KGB a raibh uaillmhianta thar a cheart féin aige, b'é [[Aleksandr Shelepin]] é. Bhí sé i gceannas ar an gCoiste sna blianta 1958-61, agus nuair a chaill [[Khrushchev]] a oifig mar [[Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh]], bhí Shelepin orthu siúd a ghlac páirt sa ''c''h''oup'' seo. Mar sin féin, tugadh bata is bóthar do Shelepin agus dá choimircí, Vladimir Semichastnyi. Ba chuimhin le [[Brezhnev]] an dóigh a raibh Beriya ag iarraidh dul i gceannas ar an Aontas Sóivéadach i ndiaidh bhás Stailín, agus níor theastaigh uaidh an iomarca cumhachta a fhágáil ag ceannairí an KGB i dtréimhse na héiginnteachta i ndiaidh imeacht Khrushchev,
 
B'é [[Yuri Andropov]] a tháinig i gcomharbas ar Shelepin agus ar Semichastnyi. Bhí seisean ar an duine ab fhaide a d'fhan i gceannas ar an KGB, agus ar an duine ba mhó cumhachta, leis. D'éirigh leis suíochán an Ard-Rúnaí a bhaint amach dó féin nuair a cailleadh Brezhnev sa deireadh, ach níor mhair sé féin i bhfad ina dhiaidh sin. Fad is a d'fhan sé i gceannas, bhí an KGB an-dian ag iarraidh muintir an Aontais Shóivéadaigh a choinneáil faoi smacht agus pionós a ghearradh dóibh siúd nach dtabharfadh an urraim cheart don idé-eolaíocht.
 
B'é [[Vladimir Kryuchkov]] ceannasaí deireanach an KGB. Bhí sé míshásta leis an n[[gleasnast]] a bhí á chur chun cinn ag [[Mikhail Gorbachev]], agus bhí sé orthu siúd a d'fhéach le Gorbachev a chur as oifig le lámh láidir sa bhliain 1991. Faoin am seo, áfach, ní raibh eagla ar na daoine roimh an KGB a thuilleadh, agus nuair a thit an tóin as an g''coup d'état'' seo, bhí port an KGB seinnte. Cuireadh an KGB ar ceal ar an 6 Samhain 1991, agus tháinig dhá eagraíocht nua ina áit: an tseirbhís státslándála, nó an FSB, agus an tseibhís spiaireachta, SVR.
Líne 77:
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha]]
[[Catagóir:An Cogadh Fuar]]