An difríocht idir athruithe ar: "George Berkeley"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
 
== Fealsúnacht ==
D'fhoilsigh Berkeley leabhair cháiliúla, ''Aiste i dtreo Teoiríc Nua ar an Radharc'' ("Essay Towards a New Theory of Vision", 1709) agus ''Tráchtas ar Phrionsabail an Eolais Dhaonna'' (A Treatise Concerning the Principles of Human Knowledge, 1710.
 
Bhí a fhealsúnacht idéalaíoch bunaithe ar an nath gurb ionann a bheith agus a bheith braite, agus mar sin nach ann do thoilleadh an domhain ábhartha (an t-idéal) go mbraitheann intinn duine é (an t-eimpíreach)<ref>Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)</ref>. Lena rá ar bhealach eile, is é an smaoineamh a bhí i gceist ná "Níl ábhar i rud muna gceapann muid go bhfuil"<ref>{{Lua idirlín|url=https://ancroiait.wordpress.com/tag/george-berkeley/|teideal=George Berkeley|language=en|work=ancroiait|dátarochtana=2020-11-02}}</ref>.
 
Bhí Berkeley i gcoinne an ábharachais, teoiric san fhaisean ag an am sin.
 
B'fhuar an fháilte a cuireadh roimh na leabhair seo ar dtús. Bhí Berkeley fiú ina cheap magaidh ag an am. .
 
== Saol ==
De bhunadh Chaisleán Disirt, [[Contae Chill Chainnigh|Co. Chill Chainnigh]], rinne Berkeley staidéar i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide]]. Ceapadh é ina léachtóir ann sa bhliain 1707.
 
Tar éis roinnt blianta a chaitheamh ag taisteal san [[an Fhrainc|Fhrainc]] agus san [[An Iodáil|Iodáil]], tháinig Berkeley ar an tuairim go raibh sibhialtacht na h[[Eoraip|Eorpa]] millte go deo. Cheap sé go raibh dóchas na todhchaí ar fáil sa Domhan Úr.