An difríocht idir athruithe ar: "Gerry Ryan"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
 
Líne 9:
=== Raidió ===
[[Íomhá:Gerry Ryan 2010.jpg|clé|mion|Gerry Ryan agus Melanie Verwoerd, 2010]]
Chuir sé tús lena ghairmréim mar láithreoir raidió sa chraoltóireacht raidió bhradach agus d'éirigh leis post gairmiúil a fháil in RTÉ nuair a bunaíodh stáisiún raidió nua darb ainm ''Radio 2'' ([[RTÉ 2fm]] sa lá atá inniu ann) sa bhliain [[1979]]. Chaith sé cuid mhaith de na hochtóidí mar láithreoir oíche sa stáisiún go dtí gur éirigh leis clár príomh-ama a bhaint amach dó féin idir a naoi a chlog ar maidin agus meán lae.
 
Clár é seo a bhí dírithe ar chaint agus ar phlé seachas ceol agus chuaigh sé i mbun an chúraim sin go díograiseach. Bhain sé cáil amach mar láithreoir conspóideach nach gcuirfeadh aon fhiacail ann sa phlé a spreagadh sé ar an gclár agus níor loic sé roimh thabhairt faoi ábhair mhóra cainte na linne sin.
 
Samhlaítear é le cuid mhaith den athrú sóisialta a bhí ar siúl in Éirinn san am sin agus é lánsásta an t-athrú sin a úsáid mar ábhar iomarbhá. Bhí an clár seo ar cheann de na cláir raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn go lá a bháis.
 
== Bás ==
Chuir Gerry Ryan glaoch ar a fhostóirí in [[RTÉ]] oíche Dhéardaoin [[29 Aibreán]] [[2010]], le rá go raibh sé in ísle brí agus nach mbeadh sé in ann a chlár [[raidió]] a chur i láthair an lá dár gcionn. Fuarthas [[Fiona Looney]], [[iriseoir]], chun an dualgas sin a chur i gcrích ar a shon.
[[Íomhá:Melanie Verwoerd (2010).jpg|clé|mion|236x236px|Melanie Verwoerd, 2010]]
D'éirigh Melanie Verwoerd, a pháirtí, buartha nuair a chuala sí nach mbeadh an clár á chur i láthair aige agus toisc nach raibh a [[Fón póca|fhón]] á fhreagairt aige ach an oiread. Thug sí cuairt ar a [[árasán]] agus nuair nár éirigh léi tabhairt air an doras a oscailt, fuair sé cúnamh ó oibrí tógála chun an doras a bhriseadh isteach. Fuarthas corp Uí Riain ina sheomra codlata thart ar 12.30in agus é ina luí ar an urlár in aice lena leapa. Dearbhaíodh é a bheith marbh ar an láthair. Ceaptar go raibh taom croí mar thrúig bháis.
Líne 26:
{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Ryan, Gerry}}
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1956]]
[[Catagóir:Básanna in 2010]]