An difríocht idir athruithe ar: "Mary White"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 4:
 
== Sonraí Polaitiúla ==
Bhain sí barr na vótála amach sna toghcháin áitiúla do [[Chomhairle Chontae Cheatharlach]] i [[Meitheamh]] 1999, i dtoghlach na Buiríse, a bhfuil trí shuíochán ann. Ceapadh í mar Leas-Cheannaire an Chomhaontais Ghlais i 2001. D’éirigh léi 4961 vóta chéad rogha, nó 8% den vótáil a bhaint amach mar iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, in Olltoghchán 2002 i nDáilcheantar Cheatharlach/Chill Chainnigh. Sheas sí sa toghchán don Seanad i 2002, ach theip uirthi ar éigean suíochán a bhuachaint.
 
Togadh í chun na Dála le vóta céad rogha de 7.96% i gCeatharlach-Cill Chainnigh.[http://www.electionsireland.org/result.cfm?election=2007&cons=32]
 
== Sonraí Pearsanta ==
Rugadh Mary White i [[Contae Chill Mhantáin|gContae Chill Mhantáin]] agus tá sí ina cónaí sa [[An Bhuiríos|Bhuiríos]], [[Contae Cheatharlach|Co. Cheatharlach]] le breis is fiche bliain. Tá sí pósta agus iníon amháin aici.
 
D’fhreastail sí ar scoil ar Chlochar na nUrsalach i [[Port Láirge|bPort Láirge]] agus ar [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]], [[Baile Átha Cliath]]. Bhí sí mar bhunaitheoir Chumann an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide agus bronnadh "Pink" uirthi as a feabhas spóirt san ollscoil.
 
Is saothróir orgánach í Mary agus tá suim mhór aici sa chnocadóireacht.
 
Tá treoir scríofa aici in éineacht le Joss Lynam faoi chnocadóireacht sna Staighrí Dubha, chomh maith le "''Environment Mining and Politics''" atá mar chuntas ar fheachtas frith-mhianadóireachta. Tá sé seo ina leabhar sainiúil do fheachtasóirí timpeallachta áitiúla.