An difríocht idir athruithe ar: "J. E. Caerwyn Williams"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Ba scoláire [[An Bhreatain Bheag|Breatnach]] é '''J. E. Caerwyn Williams''' (John Ellis Caerwyn Williams), Comhalta in Acadamh na Breataine (FBA). Ba iad litríochtaí na d[[teangacha Ceilteacha]], [[An Bhreatnais|Breatnaise]] agus [[litríocht na Gaeilge|na Gaeilge]] go háirithe, an réimse acadúil lena raibh sé ag plé go príomha. D’fhoilsigh sé leabhair as Breatnaise agus as [[an Béarla|Béarla]].
 
Rugadh Caerwym Williams i [[Gwauncaegurwen|nGwan-Cae-Curwen]], Morgannwg sa bhliain 1912. Bhí baint ag a mhuintir le mianadóireacht [[gual|guail]]. Rinne sé a chuid staidéir i gColáiste Ollscoile Thuaisceart na Breataine Bige, [[Bangor]] agus bronnadh céim air sa [[An Laidin|Laidin]] i 1933 agus sa Bhreatnais i 1934. D’fhreastail sé ar an [[An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath|gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath]] agus [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath]] chun tuilleadh staidéir a dhéanamh. Bhí sé ar intinn aige a bheith ina mhinistir in [[Preispitéireachas|Eaglais Phreispitéireach]] na Breataine Bige agus is dá bharr sin a d’fhreastail sé ar Choláiste Diagachta Aontaithe, [[Aberystwyth]] agus bronnadh céim Bhaitisléir Diagachta (BD) air i 1944. Sa bhliain 1945 ceapadh é ar fhoireann Roinn na Breatnaise ag Coláiste Ollscoile Thuaisceart na Breataine Bige, Bangor agus rinneadh ollamh le Breatnais de sa bhliain 1953. D’fhan sé sa phost sin go dtí gur ceapadh in a ollamh le Gaeilge é ag Coláiste Ollscoile na Breataine Bige, Aberystwyth in 1965, áit ar fhan sé go dtí gur éirigh sé as a phost an múinteoireacht i 1979. Toghadh ina Chomhalta d'Acadamh na Breataine é sa bhliain 1978.
 
== Leabharliosta Roghanach ==
* ''Traddodiad llenyddol Iwerddon'' (=Traidisiún liteartha na hÉireann) (1958), aistrithe níos deireanaí go Gaeilge mar ''[[Traidisiún Liteartha na nGael]]'' (1979) agus go Béarla mar ''The Irish literary tradition'' (1992)
* ''The Poems of [[Taliesin]] (Mediaeval & Modern Welsh)'' (eagarthóir, le hIfor Williams, 1968)
* ''Literature in Celtic Countries'' (1971)
{{reflist}}
{{DEFAULTSORT:Williams, J. E. Caerwyn}}
 
[[Catagóir:An Bhreatnais]]
[[Catagóir:Scoláirí Gaeilge]]
20,103

edits