An difríocht idir athruithe ar: "Robin Hood"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
+WD Bosca Sonraí Duine
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
 
[[Íomhá:Robin Hood Memorial.jpg|mion|220px|deas|Robin Hood - Leacht cuimhneacháin - Nottingham]]Is é '''Robin Hood''' laoch pobail [[Sasana|Shasana]], boghadóir ardchumasach agus eisreachtaí nó cineál ceithearnach coille i gceannas ar bhaicle robálaithe i gCoill [[Sherwood]] i [[Sír Nottingham|Sír]] [[Nottingham]]. Freagraíonn Robin Hood go dlúth do stéiritíopa an "robálaí shóisialta" atá an-choitianta i mbéaloideas a lán tíortha. Is féidir é a chur i gcomparáid le [[Gráinne Ní Mháille|Gráinne Mhaol Ní Mháille]] in Éirinn, [[Janosik]] sna críocha idir [[an Pholainn]] agus [[an tSlóvaic]], [[Jesse James]] sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], [[Ned Kelly]] san [[An Astráil|Astráil]], agus [[Veerappan]] nó [[Phoolan Devi]] san [[An India|India]]. Go bunúsach, is é Robin Hood an gadaí uasal nach robálann ach daoine saibhre cumhachtacha, agus é ag cabhrú leis na daoine bochta. Glactar leis gur fear neamhurchóideach a bhí ann ó thús a ndearnadh coirpeach agus eisreachtaí de trí fheillbheart a imirt air, agus ó bhí sé ní ba sciliúla ná a chuid naimhde, b'éigean dul i muinín feillbheart eile le hé a mharú. Idir an dá linn, bhí sé ag baint a míthapa as na húdaráis agus ag déanamh staicín aiféise díobh, go háirithe sirriam Nottingham, arbh é a shíor-namhaid é.