An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Conas bosca sonraí tacsanomaíochta a léamh"

Content deleted Content added
Nmacu (plé | dréachtaí)
tús

Nmacu (plé | dréachtaí)
Roinnt ábhar breise
Líne 1:
Is tábla é '''bosca sonraí tacsanomaíochta''' a léirítear ar leathanaigh dúlra. Déanann sé cur síos ar an rangú[[aicmiú eolaíochtaeolaíoch]] aitheanta atá ag [[orgánach]] nó grúpa orgánaigh. Míníonn an t-alt seo conas bosca sonraí tacsanomaíochta a léamh.

[[Image:Bosca_Tacsa_Sampla.png|right]]
{{Síol}}

Léiríonn an figiúr ar dheis bosca sonraí tacsanomaíochta tipiciúil, tógtha ón alt faoi [[ronnach|ronnach an Atlantaigh]]. Tá na príomhranna uimhrithe agus tugtar míniú orthu seo sna hailt seo a leanas.

# '''''Ainm Coitianta'''''
Is ionann é seo agus an t-ainm Gaeilge coitianta a úsáidtear don orgánach. Muna bhfuil a leithéid ann, úsaidfear an t-ainm eolaíoch.
# '''''Pictiúr'''''
Pictiúr a léiríonn sampla tipiciúil den orgánach.
# '''''Aicmiú eolaíoch'''''
Léiríonn an rannóg lárnach seo an [[aicmiú eolaíoch]] aitheanta atá ag an [[orgánach]] atá faoi chaibidil ag an alt. Is é seo an cliarlathas grúpaí, ar a dtugtar [[tacsón|tacsóin]], a bhfuil an t-orgánach ina bhall de.
# '''''"Ranganna" na dTacsón'''''
Léirítear teidil na ranganna ar thaobh na láimhe clé agus a gcuid ainmneacha ar thaobh na láimhe deise. Is ionann [[speiceas]] agus grúpa aonáin leis an gcuma chéanna, nach mór, atá in ann idirphórú. Bíonn speiceas mar chuid de [[géineas|ghéineas]] (grúpa speicis atá gaolta lena chéile). Bíonn géineas mar chuid d'fhine (grúpa géinis atá gaolta lena chéile), srl. Bíonn seacht "bpríomhrang" ann go hiondúil. I gcásanna nach leor iad seo, léirítear "fo-ranganna" (ar nós fofhine), le breis idirdhealú a dhéanamh.
# '''''Ainm déthéarmach'''''
Is ionann an t-[[ainm déthéarmach]] agus an t-ainm eolaíoch aitheanta ar speiceas. Tá sé comhdhéanta d'ainm an ghéinis agus "buafhocal speisialta". Roghnaítear ainmneacha déthéarmacha sa tslí is nach mbeidh an t-ainm céanna ag aon dá orgánach riamh; ciallaíonn sé seo gur féidir le heolaithe an t-ainm ''Scomber scombrus'' a úsáid le tagairt uathúil a dhéanamh do Ronnach an Atlantaigh.
# '''''Údarás don Ainm'''''
Luaitear údarás don ainm déthéarmach díreach faoi - is é sin an chéad duine a d'fhoilsigh an t-ainm in éineacht le cur síos ar an orgánach (nó tagairt do chur síos air). Sa chás seo, b'é an luibheolaí Sualannach, [[Carl Linnaeus]], an chéad duine a d'fhoilsigh an t-ainm ''Scomber scombrus''.

[[Catagóir:Vicipéid]]

[[ca:Viquipèdia:Com entendre les taules taxonòmiques]]