An difríocht idir athruithe ar: "An Gorta Mór"
Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 87.36.34.254 (Plé); ar ais chuig leagan le TGcoa chlib amháin: Rollback |
|||
Líne 19:
== Ceist an Pholasaí Eacnamaíochta agus an Drochshaol ==
[[Íomhá:Sir robert peel cropped.jpg|mion|Sir Robert Peel]]
San am seo ba é [[Robert Peel|
An ”coimisiún eolaíochtúil” a cuireadh ag taighde cheist an tsoláthar bia in Éirinn, is é an breithiúnas a thug sé go raibh gorta ag bagairt ar an tír i ndáiríre. Bhí na Feisirí Éireannacha ag éileamh coisc ar easpórtáil an arbhair as Éirinn, agus iad araiciseach chun calafoirt na tíre a oscailt d'arbhar iompórtáilte. Ní bhfuair siad ceachtar den dá chuid. Dhiúltaigh an Rialtas faoin chéad éileamh iad, agus lucht an chosantachais ag cur in aghaidh an dara ceann, cé go raibh Peel ag tacú leis an smaoineamh. Le teacht as an leamhsháinn seo, cheannaigh Peel [[arbhar Indiach]] as na Stáit Aontaithe ar chúla téarmaí, le bochtáin na hÉireann a bheathú.
Líne 27:
Bhí Peel den tuairim go bhféadfaí leas a bhaint as an ngorta mar shiocair le talmhaíocht na hÉireann a thabhairt chun nua-aimsearthachta agus chun éagsúlachta. Theastaigh uaidh an rilíf a cheangal d'oibreacha poiblí – is é sin, chaithfeadh na bochtáin a gcuid a shaothrú ag obair – agus cibé scéal é, b'fhearr leis soláthar na rilífe a fhágáil faoi na tiarnaí talún áitiúla.
Ar dtús, bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí leis an scéim seo. Ní bhfuair an iomarca bás i rith an gheimhridh 1845-1846, agus ní raibh caill ar an arbhar Indiach mar bhia ach oiread. Bhí a lán daoine barúlach, nó dóchasach ar a laghad, gur seachnaíodh an gorta mór.
== An Tubaiste ar na Bacáin ==
|