An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

Fixed typo
m
(Fixed typo)
clib: Mobile edit Mobile app edit iOS app edit
{{WD Bosca Sonraí Duine}} Údar i n[[Gaeilge]] ba ea '''Cathal Ó Sándair''' ([[15 Iúil]], [[1922]] - [[18 Feabhra]] [[1996]]). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh i [[Weston-super-Mare]] [[Sasana|Shasana]] é, mac le [[dornálaíocht|dornálaí]] darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as [[Baile Átha Cliath]]. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba dhuine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta [[1937]] agus [[1938]]. D'aistrigh an teaghlach go h[[Éire|Éirinn]] agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]]. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire [[Caoimhín Ó hUiginn]].
 
[[Íomhá:Dúnmharbhú.jpg|deas|mion|150px|''Eachtraí Réics Carló'', Uimh. a Ceathair: ''Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh'' ([[1944]])]]Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na [[Bráithre Críostaí]]. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa Ghaeilge agus cuireadh chun na [[Gaeltacht]]a é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, ''Our Boys'', agus sé bliana déag aige. Chuaigh sé isteach san [[An tAerchór|Aerchór]] tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar [[státseirbhís]]each. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta ''[[Inniu]]'' agus gníomhach i n[[Glúin na Buaidhe]].
Foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, ''Tríocha Píosa Airgid'', sa bhliain [[1942]], agus thosaigh sé ar shraith de scéalta bleachtaireachta le ''Na Mairbh a d'Fhill'' an bhliain a bhí chugainn. Tuairim is céad leabhar a scríobh sé faoin mbleachtaire [[Réics Carló]] agus bhí díol an-mhór orthu ar feadh breis agus fiche bliain. Bhí sraitheanna eile aige freisin, faoi shirriam in [[An tIarthar Fiáin|Iarthar Fiáin Mheiriceá]], Réamonn Óg, an spástaistealaí an Captaen Spéirling agus laochra eile. D'éirigh sé as a phost sa bhliain [[1953]] agus chuaigh leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha, an t-aon scríbhneoir Gaeilge dáiríre ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Ach tar éis deich mbliana den sclábhaíocht a bhain leis sin chuaigh sé ar ais sa státseirbhís ina oifigeach custaim. Fuair sé bás an [[18 Feabhra]], [[1996]]. Scríobh sé úrscéal Béarla ''Bullets are Trumps'' sa tsraith i dtaobh [[Sexton Blake]], bleachtaire.
 
Bhí sé pósta ar Mháire McGeown as [[Ard Mhacha]] agus bhí ceathrar clainne acu.
 
== Roinnt saothar leis ==
Úsáideoir gan ainm