An difríocht idir athruithe ar: "Meicnic"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4:
* Nuair a fheidhmníonn fórsaí eismheánacha ar chorp, is ionann ráta athraithe an mhóimintim agus suim na bhfórsaí sin.
* Nuair a fheidhmníonn corp A fórsa ar chorp B, feidhmníonn corp B fórsa eile ar chorp A; tá méad an fhórsa seo cothrom le méad an chéad fhórsa, agus dírithe sa treo úrchóireach.
 
Sé bunphrionsapal na meicnice ná an prionsabal coibheasta: ní mór gluaiseacht a thomhas i leith ruda: níl a leithead de rud ann agus gluaiseacht absalóideach. Mar sin, labraítear mar gheall ar `ghluaiseacht coirp ''i leith'' ruda'. Más ionann an rud sin agus córas comhardanáidí agus uaireadóir, glaotar fráma (nó córas) tagartha ar an rud sin. Má tá dhá fhráma ag gluaiseacht go rialta nó ina bhfos i leith a chéile glaotar frámaí taimhe orthu. Baintear leas as frámaí taimhe sa mheicnic. I ndáiríre tuigeann gach duine an coincheap seo: má tá tú i dtraen agus na dallóga dúnta ar an bhfuinneog, ní féidir a rá an bhfuil an traen ag gluiseacht go rialta, nó ina seasamh. Tuigtear gluaiseacht na traenach i leith cad a fheictear lasmuigh. Ar an láimh eile, is féidir fórsaí a mhothú ar an traen, fiú má tá na dallóga dúnta: má tá lúb san iarnród agus má chasann an traen go tapaidh, is féidir athraithe i ngluaiseacht na traenach a mhothú.
 
Chun na dlíthe seo a athrú go matamaitic agus chun díláithriú an choirp a shloinneadh mar fheidhm an ama, ní mór teicnící an chalcalais a shainmhíniú. San alt seo, pléifear corp no réad atá ina phoncmháis: tá máis ag an gcorp ach níl toirt aige. Mar sin, tá an plé níos simplí ach níl gá leis an srian seo.
Line 9 ⟶ 11:
==Rátaí athraithe sa mheicnic==
 
Baintear leas as córas taimhe chun cur síos a dhéanamh ar am, fad, agus díláithriú. Is ionann córas taimhe agus córas comhordanáidí, áit nach bhfuil aon fhórsa ag feidhmniú ar an gcóras. Mar sin, deDe réir dlíthe Newton, bíonn córas táimhe ag gluaiseacht ar bhealach rialta, nó bíonn sé ina sheasamh, agus tomhastar an ghluaiseacht seo i leith fráma taimhe eile. Is féidir cur síos a dhéanamh ar shuíomh an choirp ina bhfuil suim againn ann, le veictoir. Ós rud é go nathraíonn suíomh an choirp i leith ama, scríobhtar an veictoir mar <math>\mathbf{x}(t)</math>, abair. Is ionann luas an choirp agus ráta athraithe an veicteora seo i leith ama, sé sin,
 
:<math>\mathbf{v}=\frac{d\mathbf{x}}{dt}</math>.