An difríocht idir athruithe ar: "Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe"

Content deleted Content added
Ag cruthú leathanach.
(No difference)

Leagan ó 14:06, 17 Samhain 2020

Is bailiúcháin de 17 mór spriocanna ag na Náisiúin Aontaithe iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe'Spriocanna Forbartha (English'- Sustainable Development GoalsGlobal Goals). Tháinig na spriocanna i bhfeidhm in 2015 agus beidh siad i bhfeidhm suas go dtí 2030.

Roimh na spriocanna seo a bheith i bhfeidhm ag na NA bhí na Spriocanna Forbartha na Mílaoise (Millennium Development Goals) a bhí i bhfeidhm 2000 agus 2015.

Tá a lán eagraíochtaí eile a oibríonn leis na Náisiúin Aontaithe timpeall na cruinne an-dáirire faoi na spriocanna seo a bhaint amach. Tá comhcheangal in Éirinn darb ainm Coalition 2030 atá mar ngréasán do heagraíochtaí, grúpaí agus gníomhairí in Éirinn bainteach leis na spriocanna seo. Cuireann eagraíochaí leithéídí Cúnamh Éireann[1] (Irish Aid) agus Dóchas[2] tábhachtach mhór ar chur i bhfeidhm na spriocanna freisin agus bíonn eagraíochtaí agus gníomhairí áirithe timpeall na cruinne i gcónaí ag iarraidh aird a tharraingt ar na spriocanna ó thaobh an leibhéal rialtas de sna tíortha a gceapfar nach bhfuil aird ar leith ar na spriocanna.

Is iad na spriocanna ná:

  • Sprioc 1 – Deireadh a chur le gach cineál bochtaineachta gach áit.
  • Sprioc 2 – Deireadh a chur le hocras; slándáil bia chomh maith le cothú níos

fearr a bhaint amach; agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn.

  • Sprioc 3 - Maireachtáil fholláin a dheimhniú agus folláine a chur chun cinn do

chách ag gach aois.

  • Sprioc 4 – Oideachas d’ardchaighdeán atá cuimsitheach agus cothrom a

dheimhniú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách.

  • Sprioc 5 – Comhionannas inscne a bhaint amach agus mná agus cailíní a

chumasú.

  • Sprioc 6 – Fáil ar uisce agus bainistiú inbhuanaithe ar uisce agus ar

shláintíocht a dheimhniú do chách.

  • Sprioc 7 – Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus

nua-aimseartha a dheimhniú do chách.

  • Sprioc 8 – Fás geilleagrach marthanach, cuimsitheach, inbhuanaithe,

lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn.

  • Sprioc 9 - Bonneagar marthanach a thógáil; tionsclaíocht chuimsitheach,

inbhuanaithe a chur chun cinn; agus nuálaíocht a chothú.

  • Sprioc 10 – Neamhionannas laistigh agus idir thíortha a mhaolú.
  • Sprioc 11 – Cathracha agus lonnaíochtaí daonna a dhéanamh cuimsitheach,

sábháilte, marthanach agus inbhuanaithe.

  • Sprioc 12 – Patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgeachta a dheimhniú.
  • Sprioc 13 – Gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus

a thionchar.

  • Sprioc 14 – Na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní mara a chaomhnú agus

a úsaid ar son forbartha inbhuanaithe.

  • Sprioc 15 – Éiceachórais talún a chosaint agus a athshlánú agus a n-úsáid

inbhuanaithe a chur chun cinn; foraoisí a bhainistiú ar mhodh inbhuanaithe; dul i ngleic le fairsingiú fásaigh; díghrádú talún a stopadh agus a aisiompú agus deireadh a chur le cailliúint bithéagsúlachta.

  • Sprioc 16 – Sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn ar mhaithe le

forbairt inbhuanaithe; rochtain ar cheart a sholáthar do chách; agus institiúidí atá éifeachtach, cuntasach agus cuimsitheach a thógáil ag gach leibhéal.

  • Sprioc 17 – Na modhanna feidhmithe a neartú agus an chomhpháirtíocht

dhomhanda um fhorbairt inbhuanaithe a athbheochan.

Tagairtí


Féach freisin