An difríocht idir athruithe ar: "Ciarán Cuffe"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is [[Feisire de Pharlaimint na hEorpa]] (FPE nó MEP i mBéarla) é [[Ciarán Cuffe]] do thoghcheantar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] (a rugadh [[3 Aibreán]] [[1963]]). .Tá sé ina [[Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath|chomhairleoir cathrach]] do Lár na Cathrach Thuaidh chomh maith. [[Ailtireacht|Ailtire]] é Cuffe atá gníomhach le fada i gcúrsaí [[Comhshaol|comhshaoil]] agus sa ghluaiseacht ghlas.
 
== Saol ==
De bhunadh na [[Seanchill|Seanchille]] i ndeisceart an chontae é Ciarán Cuffe, ach tá cónaí air le scaitheamh i gceantar Bhóthar na gCloch i lár na cathrach.
 
=== Muintir ===
Chuaigh a athair, Luan Peter Cuffe, go h[[Ollscoil Harvard]] i m[[Boston, Massachusetts|Boston]] mar chuid dá chuid oiliúna mar [[Ailtireacht|ailtire]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/an-raibh-a-fhios-agat-gur-col-ceathracha-ciaran-cuffe-agus-bobby-kennedy/|teideal=An raibh a fhios agat gur col ceathracha Ciarán Cuffe agus Bobby Kennedy?|údar=Máirín Ní Ghadhra|dáta=|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-11-18}}</ref> Agus é ansin casadh air Patricia Sistine Skakel. Iníon ab ea ise le George Skakel, [[fear gnó]] ab ea a shaothraigh na milliúin nuair a bhunaigh sé an comhlacht ''Great Lakes Carbon Corporation''. Phós Patrica Skakel agus Luan Cuffe agus d’fhill siad ar Éirinn.
 
Ba dheirfiúr í Patricia Skakel a bhásaigh sa mbliain 2000 le Ethel Skakel Kennedy. Sí Ethel Kennedy baintreach [[Robert F. Kennedy|Bobby Kennedy]], a feallmharaíodh i mí Meitheamh 1968 agus é ag feachtasaíocht do thoghchán na h[[Uachtarán na Stát Aontaithe|uachtaránachta sna Stáit Aontaithe]].
 
=== Oideachas ===
Tá céimeanna aige san Ailtireacht agus sa Phleanáil Uirbeach agam ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus MSc "pleanáil uirbeach" ó Chathracha ó Scoil Eacnamaíochta Londan.
 
Tá sé ina chathaoirleach ar Chlár Máistreachta in Athnuachan agus Forbairt Uirbeach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
 
== Polaitíocht ==
Bhí sé ar dhuine de na [[Teachta Dála|Teachtaí Dála]] a toghadh do [[Comhaontas Glas|Chomhaontas Glas]] den chéad uair in 2002, i ndáilcheantar [[Dún Laoghaire-Ráth an Dúin|Dhún Laoghaire]]. Chuir sé isteach dhá théarma mar Theachta Dála agus bhí sé iina’Aire Stáit a raibh freagracht air as an Athrú Aeráide, Pleanáil agus Iompar Inbhuanaithe. Le linn dó bheith páirteach sa Rialtas, rinne sé athchóiriú ar chóras pleanála na hÉireann chun go mbeadh sé dírithe ar chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise agus d’fhoilsigh sé reachtaíocht le dul i ngleic leis an athrú aeráide.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.greenparty.ie/ga/people/ciaran-cuffe/|teideal=Ciarán Cuffe|language=ga-IE|work=An Comhaontas Glas|dátarochtana=2020-11-18}}</ref>
 
=== Conspóid ===
D’éirigh sé as mar urlabhraí comhshaoil [[Comhaontas Glas|an pháirtí]] sa bhliain 2003, nuair a tháinig sé chun solais go raibh luach $70,000 de scaireanna aige i gcomhlachtaí [[Taiscéalaíocht|taiscéalaíochta]] [[ola]]. Fuair sé na scaireanna sin le huacht óna mháthair a d’fhág $1.3 milliún aige. Léirigh sé aiféala ag an am nach raibh éirithe leis na scaireanna a dhíol agus rinne sé amhlaidh ina dhiaidh sin.
 
Rinneadh scrios ar an bpáirtí san olltoghchán in 2011. Chaill Cuffe a shuíochán sa toghchán sin.
 
=== Inniu ===
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Iompair [[Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath|Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath]].
...
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}{{síol}}
[[Catagóir:Feisirí de Pharlaimint na hEorpa]]
[[Catagóir:Comhaontas Glas]]
[[Catagóir:Ailtirí Éireannacha]]