An difríocht idir athruithe ar: "Domhnach na Fola (1920)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
=== Maidin ===
[[Íomhá:Cairo_gang.jpg|thumb|Baill na droinge 'Caireo']]
[[Íomhá:Military (6393759933).jpg|mion|24 Samhain 1920, ospidéal Jervis, BÁC]]
Bhí cinneadh déanta ag [[Mícheál Ó Coileáin|Micheál Ó Coileáin]] ruathar maraithe a dhéanamh ar 35 gníomhaire faisnéise de chuid na Breataine. Ba iad ‘The Twelve Apostles’ scuad feallmharaithe an Choileánaigh a bhíodh i mbun na hoibre fuiltí seo de ghnáth ach de bharr uaillmhian an mhisin seo b’éigean fir bhreise a earcú.
 
Thosaigh móreachtraí an lae go luath ar maidin le dúnmharú na mbleachtairí.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/eire-1920-fioroidhreacht-dhomhnach-na-fola/|teideal=ÉIRE 1920 – Fíoroidhreacht Dhomhnach na Fola|údar=Paul Rouse|dáta=2020-11-21|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-11-21}}</ref> Lámhachadh cúigear déag an mhaidin úd gan taise gan trócaire, sibhialtaigh ina measc. Bhí cuid acu (seisear ar a laghad) ina oifigigh faisnéise Briotanach.
 
Bhraith fórsaí na Breataine chomh sábháilte sin go raibh cuid acu buailte fúthu in óstáin agus tithe lóistín.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/leamh-tomhaiste-cuimsitheach-sollunta-ar-eachtrai-fuilteacha-dhomhnach-na-fola/|teideal=Léamh tomhaiste cuimsitheach sollúnta ar eachtraí fuilteacha Dhomhnach na Fola|údar=Breandán M Mac Gearailt|dáta=Dé Máirt, Samhain 17 2020|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-11-21}}</ref>. Bhí na dúnmharuithe thar a bheith brúidiúil. Bhí cuid acu sa leaba agus ina bpitseámaí go fóill. [[Íomhá:Comóradh Domhnach na Fola Caisleáin BÁC.jpg|thumb|Comóradh na triúir príosúnach a maraíodh]]
 
=== Tráthnóna ===
San iarnóin thug na póilíní agus fórsaí na Breataine aghaidh ar [[Páirc an Chrócaigh|Pháirc an Chrócaigh]] ag tóraíocht na bhfear gunna Ní raibh siad ag lorg díoltais ar dús ach thit rudaí as a chéile. Ní raibh ach tuairim is deich nóiméad den chluiche idir [[CLG Chontae Bhaile Átha Cliath|Baile Átha Cliath]] agus [[CLG Chontae Thiobraid Árann|Tiobraid Árainn]] imeartha nuair a thosaigh an lámhach.
[[Íomhá:Michael Collins 1921.jpg|mion|Michael Collins, 1921]]
 
Maraíodh 14 sibhialtach - aon imreoir amháin ina measc, Michael Hogan (gortaíodh imreoir eile, Jim Egan).<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/mam-trasna-agus-pairc-an-chrocaigh-pileir-peil-agus-doirteadh-fola/|teideal=Mám Trasna agus Páirc an Chrócaigh: piléir, peil agus doirteadh fola|údar=Kevin Hickey|dáta=Dé Máirt, Meán Fómhair 12 2017|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-11-21}}</ref>
 
Líne 21:
Bhí baint ag Mac Aoidh agus Mac Fhlannchaidh i bpleanáil oibríochtaí gasúr na [[Óglaigh na hÉireann|hÓglaigh]] an lá sin. Ach ní raibh baint ar bith ag Conchobhair Mac Clúin leo, cé go raibh suim aige sa [[Gaeilge|Ghaeilge]], agus bhí sé sna hÓglaigh.
== Cúlra ==
[[Íomhá:Comóradh Domhnach na Fola Caisleáin BÁC.jpg|thumb|Comóradh na triúir príosúnach a maraíodh]]Tharla na heachtraí seo i rith [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]]. Bhí [[Óglaigh na hÉireann]] ag troid [[Arm na Breataine]]. D’earcaigh an Rialtas na [[Dúchrónaigh]] agus an Rannán Cúnta (''Auxiliary Division'') - na h''Auxies'' mar a thugadh na hÉireannaigh orthu.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/is-fiu-cuairt-a-tabhairt-ar-an-ailear-anois-is-aris-is-fanach-an-ait-a-bhfaighfea-fuinneog-ar-an-stair/|teideal=Is fiú cuairt a tabhairt ar an áiléar anois is arís, is fánach an áit a bhfaighfeá fuinneog ar an stair|údar=Mairéad Ní Nuadháin|dáta=Dé hAoine, Samhain 20 2020|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-11-21}}</ref> Is é an téarma [[Gaeilge]] a úsáidtear inniu ná na ''Póilíní Cúnta''. Iar-oifigigh [[Arm na Breataine|Airm]] ab ea na [[Dúchrónaigh]].<ref>''Michael Collins'', Rex Taylor, 1958</ref>.
 
In áiteanna cosúil le Tiobraid Árann ba threallchogaíocht fhíochmhar a bhí ann, ach i mBleá Cliath ba chomhrac faisnéise a bhí ar siúl.