An difríocht idir athruithe ar: "Daniel Defoe"
Content deleted Content added
Líne 17:
===Robinson Crusoe===
Is é ''Robinson Crusoe'' an leabhar is clúití a tháinig ó pheann Defoe. Duine longbhriste é Robinson Crusoe nach bhfuil de rogha aige ach saol dá chuid féin a chur ar bun ar an oileán aonaránach ar a bhfuil cónaí air. Foilsíodh an chéad eagrán ar an 25 Aibreán 1719, agus tugadh le tuiscint do na léitheoirí gurbh é Crusoe féin a scríobh an leabhar - is é sin, nach scéal ficseanúil a bhí i gceist ach cuimhní cinn le fíordhuine. Creidtear gur tharraing Defoe ar Alexander Selkirk mar bhunchuspa dá laoch: mairnéalach Albanach a bhí i Selkirk a chaith ceithre bliana ar oileán ''Más a Tierra'' (inniu: ''Isla Robinson Crusoe'' sa tSile). Maidir le laoch an úrscéil, áfach, bhí air beagnach tríocha bliain a chaitheamh ar a oileán féin, sular thángthas chun tarrthála dó. Idir an dá linn bhí eachtraí dainséaracha aige agus é ag cur ar a shon in aghaidh canablaigh agus foghlaithe mara. Is nós leis na canablaigh a gcuid príosúnach a mharú agus a ithe san oileán: duine de na príosúnaigh sin is ea ''Friday'' nó "Dé hAoine", an fear bundúchasach a bheidh ina chompánach dílis ag Robinson i ndiaidh dó éalú.
===Captain Singleton===
|