An difríocht idir athruithe ar: "Daniel Defoe"

Content deleted Content added
m {{WD Bosca Sonraí Duine}}
mNo edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
Úrscéalaí Sasanach a rugadh i [[Londain]], [[Sasana]] ab ea '''Daniel Defoe''' (fíorainm: '''Daniel Foe).''' Rugadh timpeall ar an mbliain [[1660]] é, agus fuair sé bás ar an [[24 Aibreán]] [[1731]]. Ba é an t-úrscéal ''Robinson Crusoe'' a thuill a chlú dó. Foilsíodh an t-úrscéal seo an chéad uair sa bhliain 1719, agus deirtear go bhfuil sé ar an dara leabhar is mó a léadh is a léitear, díreach i ndiaidh an [[An Bíobla|Bhíobla]], Bhí Defoe ar dhuine de cheannródaithe na húrscéalaíochta i saol an Bhéarla, agus réitigh sé an ród don úrscéal mar sheánra sa teanga in éineacht le Aphra Behm agus Samuel Richardson, mar shampla. San am chéanna scríobhadh sé paimfléid pholaitiúla, iriseoireacht agus a lán eile.
 
Ba mhinic a bhíodh seisean agus na húdaráis in adharca a chéile, agus dá réir sin chaith sé seal i dtóin phríosúin. San am chéanna bhí meas ag maithe agus móruaisle na tíre ar a chuid smaointí úra, agus iad i dteagmháil leis.