An difríocht idir athruithe ar: "Arthur Chaskalson"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'An chéad Uachtarán ar Chúirt Bhunreachtúil na hAfraice Theas (1994-2001) ab ea '''Arthur Chaskalson''' (24 Samhain [[1931]...'
(No difference)

Leagan ó 00:26, 27 Samhain 2020

An chéad Uachtarán ar Chúirt Bhunreachtúil na hAfraice Theas (1994-2001) ab ea Arthur Chaskalson (24 Samhain 19311 Nollaig 2012).[1]

Saol

Bhí BComm agus LLB ag Chaskalson ó Ollscoil Witwatersrand.[2] Bhí sé ar na habhcóidí cosanta ar son Nelson Mandela le linn Trialach Rivonia sa bhliain 1963. Ina dhiaidh sin bhí sé ar thús cadhnaíochta i measc dlíodóirí chearta an duine san Afraic Theas agus é ina stiúrthóir ar an Lárionad um Acmhainní Dlí (1978-1993).

Sula raibh sé ina bhreitheamh, thug sé a chuid comhairle faoi dhréachtú Bhunreacht na Namaibe agus faoi dhréachtú Bhunreacht Eatramhach na hAfraice Theas.

D'éirigh sé ina chéad Uachtarán ar Chúirt Bhunreachtúil na hAfraice Theas sa bhliain 1994, agus ansin Príomh-Bhreitheamh na hAfraice Theas (2001-2005, tar éis don phost sin a bheith cumaiscthe leis an bpost a bhí aige cheana féin),

Tagairtí

  1. "Chief Justice Arthur Chaskalson | South African History Online". www.sahistory.org.za. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  2. Scoil Dlí, COBÁC. "Arthur Chaskalson" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-27.