An difríocht idir athruithe ar: "Daniel Defoe"

Content deleted Content added
Líne 9:
 
Fuair Daniel an chéad oideachas i scoil chónaithe an Urramaigh James Fisher i Lána Pixham in Dorking, Surrey. Easaontóirí Preispitéireacha ab ea a thuismitheoirí, agus nuair a bhí sé ceithre bliana déag, a bheag nó a mhór, cuireadh go Newington Green, nach raibh ann ach sráidbhaile beag taobh thuaidh de Londain san am, le freastal ar Acadamh easaontach Charles Morton. Creidtear go mbíodh sé ag freastal ar theampall easaontach na háite fosta. Bhí cónaí air i Sráid an Teampaill (Church Street) i Stoke Newington (áit a bhfuil 95-103 Church Street inniu). San am sin bhí rialtas Londain á ngéarleanúint siúd nach raibh sásta adhradh a thabhairt do Dhia taobh istigh d'Eaglais Shasana.
 
Chuaigh Defoe le trádáil mar shlí bheatha, agus é ag gáinneáil le hearraí olla, earraí góiséireachta agus fíon. Trádálaí an-ardaidhmeannach a bhí ann agus é in ann eastát tailte a cheannach faoin tuath chomh maith le long dá chuid féin, ach ba mhinic a bhíodh sé báite i bhfiacha. Sa bhliain 1962 dhearbhaigh sé go raibh sé bancbhriste. Ar an Lá Caille 1684 phós Defoe Mary Tuffley i dteampall Aldgate. Iníon le trádálaí saibhir a bhí inti agus spré 3700 punt ag dul léi - suim mhór mhillteanach airgid a bhí ann de réir chaighdeán an ama sin. Cé go raibh fiacha agus trioblóidí polaitiúla Defoe ag cur isteach ar a saol, mhair an pósadh ar feadh 47 mbliana, agus rugadh ochtar clainne don lánúin.
 
Sa bhliain 1685 ghlac Defoe páirt in Éirí Amach Monmouth in aghaidh an Rí Séamus a Dó, ach nuair a bhí an cheannairc cloíte, pardúnaíodh é. Sa bhliain 1689 corónaíodh an Bhanríon Máire agus a fear céile Uilliam a Trí in éineacht, agus chuaigh Defoe i gcomhghuaillíocht pholaitiúil leis an lánúin ríoga seo - bhí sé fiú ina ghníomhaire rúnda ag obair ar mhaithe leis an lánúin. Na polasaithe nua a chuir an lánúin i bhfeidhm áfach chuaigh siad chun dochair do ghnóithe Defoe, toisc go raibh siad ag tarraingt coimhlinte leis an bhFrainc. Nuair a gabhadh Defoe sa bhliain 1692, ba é ba chúis leis go raibh fiacha seacht gcéad punt air, ach táthar ag déanamh go raibh suim a chuid fiach i bhfad ní b'airde, timpeall ar 17 míle punt. Ar lá a bháis bhí Defoe báite i bhfiacha i gcónaí, agus an roinn ríoga airgeadais ag cur an dlí air.
 
==Saothar==