An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na Fionlainne"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 99:
Tháinig deireadh le Seanad Oskari Tokoi ar an 13-17 Mí Lúnasa 1917, nuair a d'fhág na seanadóirí tábhachtacha Sóisialacha slán aige. Sna holltoghcháin ar an 1-2 Mí Dheireadh Fómhair 1917, ní bhfuair na Daonlathaigh Shóisialacha an oiread vótaí agus sna toghcháin roimhe sin, agus fágadh san fhreasúra iad. In áit tuilleadh cumhachta a bhaint amach bhí an lucht oibre ag cailleadh a raibh acu roimhe sin - bhí roth mór an tsaoil ag casadh ina n-aghaidh. B'é ba toradh dó sin gur thosaigh an lucht oibre ag éirí éadóchasach faoin daonlathas agus ag dul chun radacachais, go háirithe nuair nach raibh ag maolú ar an nganntanas bia. D'athraigh an ról a bhí á dhéanamh ag gluaiseacht an lucht oibre i bpolaitíocht na tíre. Roimhe sin, bhí an ghluaiseacht ag iarraidh tuilleadh cearta, stádais agus cumhachta a bhaint amach di. Anois, chaithfeadh sí an méid a bhí aici cheana féin a chosaint is a choimeád.
 
Na coimeádaigh Fhionlannacha a bhí ag cur in aghaidh Acht na gCumhachtaí, bhain siad leas as an dearcadh diúltach a bhí ag an Rialtas Sealadach ar an Acht. Bhí siad ag tacú le cinneadh na Rúiseach ar pharlaimint na Fionlainne a scor. Bhí Carl Enckell, polaiteoir buirgéiseach, ina [[Státrúnaí Lánchumhachtach na Fionlainne|Státrúnaí Lánchumhachtach]] (ionadaí oifigiúil d'Ard-Diúcacht na Fionlainne) i gCathair Pheadair, agus é go hoscailte ag cur leas a pháirtí féin chun cinn ansin.[[File:Kullervo_Manner.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Kullervo_Manner.jpg|alt=A picture of Kullervo Manner, chairman of the Finnish People's Delegation and last commander-in-chief of the Reds, looking straight at the camera with a suit and a hat on.|mion|Kullervo Manner, i mbunceannasaí na GardaínGardaí Dearga]]Sa deireadh, ní dheachaigh eachtra Acht na gCumhachtaí chun leasa do na Sóisialaithe ná do na coimeádaigh, nó dá dheasca sin, níor fágadh rialtas láidir sa tír - rialtas a d'fhéadfadh an tsíocháin inmheánach a chinntiú. Ní raibh pairlimint ar bith ann ó Mhí Lúnasa go dtí Mí na Samhna. An chéad duine a fuair bás i ngéarchéim na mblianta 1917-1918, b'iad na póilíní a mharaigh é, agus ní de thaisme a rinneadh é: fear oibre a bhí ann agus é ina phicéad stailce in Ypäjä (ceantar tuaithe é Ypäjä agus é suite in Iardheisceart na Fionlainne, idir [[Forssa]] agus [[Loimaa]]). Nuair nach raibh rialtas eile ann, b'iad lucht na ngunnaí - na Gardaí Dearga agus na Gardaí Bána - a shealbhaigh an chumhacht.
 
=== Réabhlóid Dheireadh Fómhair agus an Stailc Mhór i Mí na Samhna ===
Líne 111:
[[Íomhá:Finnish Civil War as The Defense of the Sampo.jpg|mion|Bolscaireacht sa bhliain 1918]]
Ar an 9 Mí na Samhna 1917, bhunaigh eagraíochtaí an lucht oibre (an Páirtí Daonlathach Sóisialta, na ceardchumainn agus na Gardaí Dearga) Lárchomhairle Réabhlóide an Lucht Oibre le gníomhaíocht na n-eagraíochtaí éagsúla a chomhordú. Ní raibh an Lárchomhairle seo rófhonnmhar chun réabhlóide, nó nuair a chuaigh ceist na réabhlóide ar vóta sa Lárchomhairle i ndiaidh don phairlimint droim láimhe a thabhairt don chlár oibre ''Tá Muid ag Éileamh'', ní raibh ach ochtar ball den Lárchomhairle i bhfách leis an réabhlóid, in aghaidh an ochtar déag eile. Rud eile áfach gur fhógair an Lárchomhairle agus na ceardchumainn ollstailc san Fhonlainn. I ndiaidh cupla lá, bhí 85,000 fear oibre ar stailc ar fud na tíre, agus na coistí áitiúla stailce i seilbh an chuid ba mhó de na bailte móra i nDeisceart na Fionlainne. Ní raibh na Sóisialaithe measartha ach ag iarraidh brú polaitiúil a chur ar an bpairlimint, ach ar ndóigh, bhí na radacaigh ag dréim le ''coup d'état'' agus le réabhlóid, agus dóchas acu as na stailceoirí leis an ngnó a dhéanamh.
[[Íomhá:Riihimäen naiskaarti 1918.jpg|mion|mnáBanghardaí RiihimäenDearga ió ngéibhinnRiihimäki, 1918]]
D'éirigh leis an stailc mhór chomh maith is go raibh an lucht oibre ag dul chun radacachais agus tuilleadh Sóisialaithe ag éileamh ''coup d'état''. Ar an 16 Mí na Samhna, chuaigh ceist na réabhlóide ar vóta sa Lárchomhairle arís, agus an iarracht seo, vótáil tromlach beag ar son an ''choup d'état''. B'iad na ceardchumainn agus na Gardaí Dearga ba mhó a bhí á éileamh. Níor cuireadh an cinneadh i gcrích go fóill, áfach. Na coimeasáir a ceapadh don Choiste Feidhmiúcháin, dhiúltaigh siad na pleananna a chomhlíonadh. Mar sin, cinneadh ar dheireadh a chur leis an stailc mhór ar an 19 Mí na Samhna.
[[Íomhá:Germans in Smolna.jpg|mion|Na [[Gearmánaigh|Géarmánaigh]] in Smolna, 1918]]
Líne 149:
 
Ar an 4 Mí na Nollag, d'eisigh an Seanad seo an chéad dréacht d'fhorógra [[Neamhspleáchas na Fionlainne|neamhspleáchais na Fionlainne]]. Ghlac an pharlaimint leis an bhforógra i ndiaidh guthaíochta ar an 6 Mí na Nollag 1917, agus is é an lá sin Lá Náisiúnta na Fionlainne inniu, nó ''itsenäisyyspäivä'' - Lá an Neamhspleáchais. Chaith na Sóisialaithe vóta in aghaidh an bhille, áfach, agus dhréachtaigh siad forógra neamhspleáchais dá gcuid féin.
[[Íomhá:Vihdin naiskaarti 1918.jpg|mion|Banghardaí Dearga ó Vihti]]
[[Íomhá:Finnish Civil War uniforms.JPG|mion]]
Níor bacadh mórán le Forógra an Neamhspleáchais san Fhionlainn ag an am. Cé go raibh an náisiúnachas ag dul i dtreise san Fhionlainn le fada, ní rabhthas ag éileamh neamhspleáchais iomláin fiú sna blianta 1899-1917, nuair a bhí na Rúisigh ag iarraidh an féinrialtas a chur ar ceal agus an tír a thabhairt chun Rúiseachais. Ina áit sin, bhí na Fionlannaigh ag dréim le hathbhunú an tsean-fhéinrialtais nó le hathaontú na Fionlainne leis an tSualainn mar phrionsacht. Nuair a gaireadh poblacht neamhspleách den Fhionlainn, ní raibh ann go bunúsach ach cineál fuascailt éigeandála.
Líne 162:
 
=== Gardaí Dearga, Gardaí Bána ===
[[Íomhá:Punaisia1918.jpg|mion|Punaisia,Gardaí Dearga 1918]]
[[Íomhá:LimingaSoldier13years.jpg|mion|13Garda bliainó Liminka nach raibh ach trí bliana déag d'aois]]
I ndiaidh Réabhlóid na Feabhra sa bhliain 1917, thit an tóin as na fórsaí slándála sa Rúis, an ghnáthchonstáblacht chomh maith leis na póilíní airm. Leis an éagmais seo a leigheas, bunaíodh fórsaí slándála neamharmtha ar dtús. I Mí na Márta agus i Mí Aibreáin, thosaigh na hiarrachtaí chun gardaí síochána - Cóir Chosanta - a bhunú in iardheisceart na Fionlainne. Faoin am seo a chuaigh an lucht oibre ag earcú fir le haghaidh a gcuid gardaí síochána féin. I dtosach báire, bhí an dá chineál gardaí ceaptha le bheith ag coimeád na síochána áitiúla, ach ansin, tháinig malairt cuma ar na cúrsaí. Na stailceanna a thosaigh sna monarchana agus sa talmhaíocht in Earrach na bliana 1917, chomh maith leis na trioblóidí a bhí ag dul leis an nganntanas bia níos deireanaí, agus imeachtaí den chineál seo, thaispeáin siad go raibh blas láidir den bhrúghrúpa pholaitiúil ar an dá shórt gardaí.
 
Líne 185:
 
Is léir go raibh an chuid ba mhó de chosmhuintir an Pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialta in aghaidh an réabhlóideachais agus an chogaidh chathartha. Iad siúd a ghlac an cinneadh deireanach, b'iad na ceannairí sin de chuid an pháirtí a bhí ag braiteoireacht idir an réabhlóid agus an parlaiminteachas ó Fhómhar na bliana 1917 ar aghaidh. Bhí cuid de na daoine measartha den bharúil gurbh fhearr scoilteadh glan a dhéanamh agus na radacaigh a chaitheamh as an bpáirtí. Ó bhí eagla ar an gcuid eile de lucht na measarthachta féin roimh na Cóir Chosanta, agus na Gardaí Dearga ag teastáil uathu mar sciath chosanta. Cosúil leis sin, bhí lucht na measarthachta ag cailleadh cumhachta ar an taobh eile den chlaí, agus iad siúd a bhí ag éileamh go gcuirfí na Dearga faoi chois le lámh láidir ag fáil tuilleadh tacaíochta.
[[Íomhá:Red officers.jpg|mion|Oifigigh deargagdhearga]]
 
=== Cnámh na hUillinne ===