An difríocht idir athruithe ar: "Ríomhaire"
Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 87.41.57.2 (Plé); ar ais chuig leagan le SeoMac chlib amháin: Rollback |
clib: Reverted Visual edit |
||
Líne 28:
Sna 1930idí agus sna 1940idí, bhí an ríomhaireacht ag forbairt go sciobtha, agus na meaisíní ag teacht sna sálaí ag a chéile. Na saintréithe is mó a shamhlaímid leis an ríomhaire inniu, tháinig siad in úsáid de réir a chéile. Sa bhliain 1937, chéadcheap Claude Shannon an leictreonaic dhigiteach mar choincheap, agus ba chéim thábhachtach é i dtreo an ríomhaire nua-aoisigh, ach is deacair an chéad fhíor-ríomhaire digiteach a ainmniú le siúráilteacht. I measc na luathríomhairí tábhachtacha, bhí na cinn seo thíos:
* Meaisíní leictrimheicniúla [[Konrad Zuse]], nó "Sraith Z", mar a thug sé ar a chuid meaisíní. Bhí [[Konrad Zuse]] ag obair sa [[Ghearmáin]] le linn an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]], agus ní raibh ciall ná tuiscint ag na [[Naitsithe]] dá chuid oibre. Mar sin, bhí Zuse ar an mblár fholamh an chuid ba mhó den am, agus é scartha dealaithe ag an
* Ríomhaire Atanasoff-Berry. Bhí an ceann seo in ann naoi gcothromóid líneach is fiche a fhuascailt go comhuaineach, ach ní raibh sé ábalta aon rud eile a dhéanamh, ós rud é nach raibh sé in-ríomhchláraithe dháiríre. Tógadh sa bhliain 1937 é i gColáiste Stáit Iowa, ach fágadh ag bailiú dusta é, nuair a bhí lucht a thógála ag teastáil ón Stát le freastal ar riachtanaisí an chogaidh. Bhí an ríomhaire seo i dtuilleamaí na bhfolúsfheadán, nuair nach raibh [[Trasraitheoir|trasraitheoirí]] ná [[Micrishlis|micrishliseanna]] ann go fóill, agus cuimhne aige a bhí bunaithe ar na [[Toilleoir (leictreonaic)|toilleoirí]].
|