An difríocht idir athruithe ar: "Meicnic"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 41:
nó, <math>\mathbf{P}=\mathrm{tairseach}</math>.
 
Dírimís ár n-aire anois ar chóras le páirteagal amháin, ach ní gá an tsimplíocht seo a bheith ann. Má fheidmhmíonn fórsaí eismheánacha ar an réad, ní bheidh móiminteam an réaid tairseach, ach tá cáiníocht eile ann a fhanann doathraithe. Abair go bhfuil an fórsa eishmheánach coimeádach, sé sin, is féidir a scríobh, <math>\mathbf{F}=-\nabla V</math>, áit gurb ionann <math>\nabla</math> agus an díorthaíoch i leith na gcomhardanáidí ''x'', ''y'', agus ''z''. Sainmhínítear [[fuinneamh]] an chórais mar seo a leanas,
 
:<math>E=\frac{m}{2}\mathbf{v}^2+V\left(x,y,z\right)</math>.
Líne 101:
 
Nuair a tháinig eolaithe ar an teoiric seo ar dtús, ina measc Isaac Newton, chonaic siad impleachtaí fealsúnachta ann: bheadh réamhfhaisnéis ag duine ar stadas coirp dá mbeadh eolas aige ar choinníollacha tosaigh an chórais. Ós rud é gur bailiúchán adamh gach rud sa chruinne, chonacthas do na heolaithe seo go bhféadfaí réamhfhaisnéis a thabharit ar cad a tharlódh do chuile rud sa chruine. Cheap na daoine seo gur chuir eolaíocht na meicnie deireadh le saor-thoil agus rudaí randamacha. Anois, tuigtear dúinn nach bhfuil sé seo fíor: bíonn na fórsaí a fheidhmíonn ar coirp mhóra i bhfad níos casta ná ''F=-kx'', agus mar sin, ní féidir go ginearálta cothromóidí na gluaiseachta a réiteach. Cuireann teoiricí cosúil leis an bhfisic chandamach agus teoiric an neamh-oird (chaos theory) srianta eile ar an méid réamhfhaisnéise gur féidir a dhéanamh ar chóras meicnice. In aineoin na teorainne seo, tá cumhacht réamhfhaisnéise na meicnice le feiceáil i gcúrsaí teicneolaíochta, ina measc, conas eitleán nó gluaisteán a stiúradh, conas saitilít a sheoladh go spás, conas diúrachán a threoiriú, nó conas droichead a thógáil.
 
==Tagairtí==
 
* L.D. Landau agus E.M. Lifshitz, ''Course of Theoretical Physics, Volume 1,'' Butterworth Heinemann (tríú eagrán, 1976).
* I. Stewart, ''Does God Play Dice?,'' Penguin, (dara eagrán, 1997).
 
 
[[Catagóir:Fisic]]