An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 12:
 
== Na Teangacha Séimíteacha ==
[[Teangacha Seimíteacha|Teanga Sheimíteach]] í an Araibis, rud a fhágann go bhfuil an dúrud gaolta aici i measc teangacha ársa tábhachtacha [[an MheánMeán-Oirthear|an Mheán-Oirthir]]. Is iad na teangacha Seimíteacha ná: an [[Acáidis]]. Tá an Acáidis ar ceann de na teangacha is sine a bhfuil eolas againn orthu. Sa Mheasapótaim—in [[An Iaráic|Iaráic]] an lae inniu—a labhraítí í, ach níorbh í féin an teanga is sine a bhí á saothrú ansin. Is amhlaidh gur tháinig sí i leaba na [[Súiméiris]]e, an tseanteanga Mheasapótamach nach raibh aon teanga eile gaolmhar léi, go bhfios dúinn. B'í aibítir na litreach [[dingchruthach]]—"cuneiform" mar a thugann lucht labhartha an Bhéarla uirthi—a d'úsáidtí leis na teangacha seo, eadar [[Acáidis]] agus [[Suiméiris]], a bhreacadh síos—nó a ghreanadh síos, le bheith beacht.
 
Faoin mbliain 2000 roimh bhreith Chríost a thosaigh an Acáidis ag titim as a chéile, agus gach canúint ag dul a bealach féin. B'iad an [[Aisiris]] agus an Nua-Bháibileoinis an dá chanúint ba tábhachtaí acu seo, ach má bhí féin, chuaigh an chéad cheann acu in éag faoin am a rugadh Críost. Ní léir go fóill cad é an gaol a bhí acu seo le dhá sheanteanga eile ar baisteadh Éablaítis agus Úgairitis orthu. Tá scríbhinní sa chéad teanga le fáil i dTeill Máirdít (Ebla) faoi thrí scór ciliméadar ó dheas d'Aileapó, agus iarsmaí an dara ceann faighte amach ag lucht na seandálaíochta i Rais Seamra (Ugarit) láimh le Lataicia.