An difríocht idir athruithe ar: "Immanuel Kant"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 11:
Ba é tuairim Kant go dtiocfadh síocháin shíoraí de dhaonlathas uilíoch agus de chomhoibriú idirnáisiúnta. Shíl sé go dtarlódh sé seo de bharr na staire uilíche cé nach mbeadh sé pleanáilte. Tá díospóireacht ar siúl go fóill faoi smaointe reiligiúnda Kant. Deir daoine éigin gurbh aindiachaí ar dtús é agus gur chum sé argóint ointeolaíoch ar son Dé i gceann tamaill, agus tá daoine eile níos déine air, go háirithe [[Arthur Schopenhauer|Schopenhauer]], fealsamh a dúirt nach raibh i bhfoirm ordaitheach eitic Kant ach “moráltacht dhiaga” agus “Deich nAitheanta Mhaois faoi cheilt,”<ref>Arthur Schopenhauer, ''On the basis of Morals'', in ''The Two Fundamental Problems of Ethics'']] aistrithe ag [[Chris Janaway]] 2009, míreanna 4-5</ref> agus [[Friedrich Nietzsche|Nietzsche]], a mhaígh go raibh fuil diagaire in Kant<ref>Friedrich Nietzsche, ''An Frith-Chríost'' (1895), [https://books.google.com/books?id=DcVl57jzP2gC&pg=PA9&lpg=PA9&dq=%22theologian+blood%22+the+antichrist#v=onepage&q=%22theologian%20blood%22%20the%20antichrist para. 10].</ref> agus nach raibh ann ach cosantóir sofaisticiúil na Críostaíochta.
 
D’fhoilsigh Kant saothair thábhachtacha eile ar eitic, reiligiún, dlí, aeistéitic, réalteolaíocht agus stair. Orthu sin tá ''Stair Nádúrtha Uilíoch'' (1755), ''Critic an Réasúin Phraiticiúil'' (1788), ''Meitifisic na MorátachaMoráltacha'' (1797), ''Critic an Bhreithiúnais'' (1790), leabhar ar aeistéitic agus ar theileolaíocht, and ''Reiligiún Laistigh de Theorainn an Lom-Réasúin'' (1793).
 
==Nótaí==