An difríocht idir athruithe ar: "An Bhrasaíl"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}}
Tír i [[Meiriceá Theas]] í an '''Bhrasaíl''' ('''Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle''', go hoifigiúil). Is í an tír is mó in ilchríoch Mheiriceá Theas í, agus í ag clúdach réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus [[an tAigéan Atlantach]]. Tá timpeall 180 milliún duine ina gcónaí sa Bhrasaíl. Ritheann [[an Amasóin|Abhainn na hAmasóine]] trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhantrach ar
== Stair ==
Líne 7:
=== Fionnachtain na Brasaíle agus Tús na Coilíneachta ===
Tá daoine sa tír le breis agus 6,000 bliain, ach ní raibh trácht uirthi sa stair go dtí gur tháinig taiscéalaithe [[an Phortaingéil|Portaingéalacha]] i dtír inti sa bhliain 1500, agus iad faoi cheannas [[Pedro Álvares Cabral]]. Chuir Portaingéalaigh fúthu sa tír agus ghearr siad an t-adhmad. Bhí an-tóir acu ar adhmad as an gcrann brasaíle, agus deirtear gur ainmníodh an tír as an adhmad sin. Tá an tuairim ag roinnt daoine áfach gur ainmníodh an tír as an oileán samhalta Uíbh Bhreasail, a bhí ann de réir finscéalta na nGael, áit éigin amuigh san fharraige mhór taobh thiar d'[[Éire|Éirinn]]. Chuaigh an siúcra i dtábhacht mar
Bhunaigh na Portaingéalaigh an chéad chathair sheasta, São Vicente, sa Bhrasaíl sa bhliain [[1531]]. Trí bliana ina dhiaidh sin, roinn [[Eoin a Trí (An Phortaingéil)|Eoin a Trí]], rí na Portaingéile, cósta na Brasaíle ina "chaptaenachtaí", trí cheann déag acu ar fad, agus bhronn sé gach captaenacht ar dhuine uasal éigin, le go rialódh sé í mar [[Feodachas|fheod]] príobháideach. De réir a chéile, áfach, d'iompaigh sé amach nach raibh ag éirí leis an bpolasaí seo, agus sa deireadh, bhain an rí na captaenachtaí ar ais de na glacadóirí. Ansin, bhunaigh sé trí choilíneacht
An chuid ba mhó den am, ní raibh an Phortaingéil ag coinneáil greim ródhocht ar na coilíneachtaí seo. Tháinig cathracha ar an bhfód de réir a chéile, agus bardais á rialú agus ag cur orduithe ón rí i bhfeidhm orthu. Faoin tuath, áfach,
=== Iarrachtaí na bhFrancach is na nOllannach ===
|