An difríocht idir athruithe ar: "Daidí na Nollag"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 10:
== Cúlra an charachtair ==
 
Is iomaí scéal faoin easpag naofa seo ón [[4ú haois]] san [[An Áise Bheag|Áise Bheag]] atá ann, an fear a leag síos an patrún do [[Daidí na Nollag|Dhaidí na Nollag]] as a chuid carthanachta.<ref>{{Lua idirlín|url=https://aonghus.blogspot.com/2010/12/|teideal=Smaointe Fánacha Aonghusa|work=aonghus.blogspot.com|dátarochtana=2020-12-07}}</ref> Ar dtús ba thraidisiún [[An Ísiltír|Ollannach]] é San Nioclás (Sinterklass<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Sinterklaas|url=https://en.wikipedia.org/w/index.php?title=Sinterklaas&oldid=992764277|journal=Wikipedia|date=2020-12-06|language=en}}</ref>); thug sé bronntanais do leanaí ar [[6 Nollaig]], is é sin, lá fhéile Niocláis.
 
I [[Meiriceá Thuaidh]], ghlac na coilínithe [[Sasanach]]a le cuid den cheiliúradh seo mar sheanghnás Nollag, agus rinneadh [[Santa Claus]] de '''Sintaklaas'' na nOllannach. I dtraidisiún seo na mBéarlóirí i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar [[carr sleamhnáin|charr sleamhnáin]] atá á tharraingt ag [[réinfhia]]nna, agus é ag dreapadh anuas an simléir leis na féiríní a fhágáil ag na leanaí. Is nós bia agus deoch a fhágáil in araicis aige fosta.