An difríocht idir athruithe ar: "Bairiam"

Content deleted Content added
Minorax (plé | dréachtaí)
png -> svg
No edit summary
Líne 10:
}}
Is é an '''bairiam''' (siombail cheimiceach: '''Ba''') [[Dúil cheimiceach|dúil]] uimhir a 56. Ceann de na miotail chré-alcaileacha atá ann, agus é sách nimhiúil d'orgánach an duine, cé go bhfuil sé sách cosúil leis an g[[cailciam]] ó thaobh na [[ceimic]]e de. Tá seacht n-[[iseatóp]] cobhsaí ann, agus bairiam an dúlra comhdhéanta astu. Sa speictreascópacht, is ar an líne uaine a aithnítear é, agus úsáidtear é sna roicéid tine ealaíne le dath uaine a chruthú.
 
==Saintréithe Fisiciúla==
 
Miotal bog é an bairiam, agus loinnir airgeadgheal ann. Más bairiam glan ar fad atá ann, is féidir traidhfilín den dath órga a aithint, fiú. Chomh haraiciseach atá an bairiam chun imoibriúcháin, áfach, tiocfaidh smúid ocsaíde air go tiubh, má chuirtear i dteagmháil leis an aer é. De dheasca na himoibritheachta seo tá sé beagnach dodhéanta glanbhairiam a aonrú, agus níl sé furasta saintréithe an bhairiam a shocrú ach an oiread. Is é an leáphointe atá aige ná 1000 ceilvín, nó 730 céim de réir Celsius; is é an fiuchphointe ná 2170 ceilvín, nó 1900 céim de réir Celsius - níos airde ná fiuchphointe an strointiam. Is é an dlús atá ag an mbairiam ná 3.62 g/cm<sup>3</sup>: idir eatarthu idir an strointiam agus an raidiam arís.
 
==Saintréithe Ceimiceacha==
 
Tá an bairiam cosúil leis na miotail chré-alcaileacha eile, nó níl ach dhá fhiúsleictreon aige, agus é sásta iad a thabhairt ar iasacht uaidh. Mar sin is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná +2, beagnach gan eisceacht: uaireanta is féidir teacht ar bhairiam (I) i móilíní an-éagobhsaí. Bíonn an bairiam ag imoibriú go heisiteirmeach leis na neamh-mhiotail má théitear suas é, agus creimeann na haigéid é chomh maith - is é an t-aigéad sulfarach an eisceacht is tábhachtaí, nó má thagann an bairiam i dteagmháil leis an aigéad seo, foirmeofar smúid sulfáite ar an dromchla, agus tá an tsuilfáit bhairium chomh dothuaslagtha is go n-éighníomhóidh sí an bairiam.
 
{{síol}}