An difríocht idir athruithe ar: "Bairiam"

Content deleted Content added
Líne 20:
 
==Iseatóip an Bhairiam==
 
Is iad iseatóip nádúrtha an bhairiam ná:
 
* Bairiam a 130 (0.11% de bhairiam an dúlra). Núiclíd radaighníomhach atá san iseatóp seo, agus is é an cineál meath radaighníomhach a thagann air ná an leictreonghabháil dhúbailte. Tá an leathré i bhfad níos faide ná aois na hollchruinne féin, agus ar sin is féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht seo sa ghnáthshaol.
 
* Bairiam a 132 (0.10% de bhairiam an dúlra). Iseatóp cobhsaí é.
 
* Bairiam a 134 (2.42% de bhairiam an dúlra). Ní dual don iseatóp seo aon chineál meath radaighníomhach ach an oiread.
 
* Bairiam a 135 (6.59% de bhairiam an dúlra). Núiclíd eile é seo atá saor ó radaighníomhaíocht.
 
* Bairiam a 136 (7.85% de bhairiam an dúlra). Iseatóp cobhsaí é seo freisin.
 
* Bairiam a 137 (11.23% de bhairiam an dúlra). Ní féidir meath radaighníomhach a aithint ar an gceann seo ach an oiread.
 
* Bairiam a 138 (71.70% de bhairiam an dúlra). Núiclíd chobhsaí é seo chomh maith, agus é ar an iseatóp is flúirsí i mbairiam an dúlra.
 
{{síol}}