An difríocht idir athruithe ar: "Bernadette Nic an tSaoir"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is scríbhneoir agus aistritheoir Corcaíoch í ''''Bernadette Nic an tSaoir'''. Tógadh í i [[Leaca Rua]] agus i m[[Baile na mBocht]] i gCorcaigh. Múinteoir gairmoideachais ab ea í i g[[Cill Chainnigh]] ar feadh blianta fada ach d'fhill sí ar [[Garrán na mBráthar|Gharrán na mBráthar]] ar an taobh ó thuaidh den chathair ina dhiaidh sin. Ag obair mar aistritheoir, mar eagarthóir agus ag scríobh a bhíonn sí. Tá cúig leabhar filíochta dá cuid foilsithe ag [[Coiscéim]] – Lusanna Gréine (2005), I gCistin Dé (2008), Ór ar Chrann (2011), Cathair mar a Tuairisc agus póirsí eile (2013) agus Súil le Muir in [[2018]] – mar aon le haistriúcháin ar dhánta Béarla leis an bhfile Helen Dwyer dar teideal Faire a d'fhoilsigh Lapwing sa bhliain 2010. D'fhoilsigh [[Leabhar Breac]] [[Kíor Thuathail]], leagan Gaeilge de Total Khéops le [[Jean-Claude Izzo]] sa bhliain [[2017]].
 
[[catagóir:Scríbhneoirí]]