An difríocht idir athruithe ar: "Róisín Bean Mhic Dhonnchadh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Taidhleoir agus scríbhneoir Éireannach a bhí in '''Róisín Bean Mhic Dhonnchadh''' (PD Linín a hainm pinn). Scríobh sí sraith faoin mbleachtaire Maidhc a d'fhoilsigh [[Sáirséal agus Dill]] sna 1950idí agus sna 1960dí. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise [[Comhar]]. Bhain an tsraith bhleachtaireachta le buachaill dána scoile darbh ainm Maidhc a raibh croí mór maith aige. Deirtear go gcuirfeadh an tsraith [[Just William]] le [[Richmal Crompton]] i gcuimhne. Maidhc príomhcharachtar eachtraí an leabhair agus castar iontu freisin lena chairde, Nuala ar dhuine acu. Foilsíodh an leabhar deiridh sa tsraith sa bhliain [[1968]], an bhliain a bhfuair Linín bás anabaí i gcathair [[Nua-Eabhrac]].
 
* Maidhc, 1957
* Maidhc Abú, 1960
* Maidhc Bleaachtaire 1961
* Maidhc sa Danmhairg, 1968. Ceangal bog. Úrscéal do pháistí.
 
Fionán De Barra a rinne na líníochtaí.