An difríocht idir athruithe ar: "Róisín Bean Mhic Dhonnchadh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Taidhleoir agus scríbhneoir Éireannach a bhí in '''Róisín Bean Mhic Dhonnchadh''' (PD Linín a hainm pinn). Scríobh sí sraith faoin mbleachtaire Maidhc a d'fhoilsigh [[Sáirséal agus Dill]] sna 1950idí agus sna 1960dí. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise [[Comhar]]. Bhain an tsraith bhleachtaireachta le buachaill dána scoile darbh ainm Maidhc a raibh croí mór maith aige. Deirtear go gcuirfeadh an tsraith [[Just William]] le [[Richmal Crompton]] i gcuimhne. Maidhc príomhcharachtar eachtraí an leabhair agus castar iontu freisin lena chairde, Nuala ar dhuine acu. Foilsíodh an leabhar deiridh sa tsraith sa bhliain [[1968]], an bhliain a bhfuair Linín bás anabaí i gcathair [[Nua-Eabhrac]]. Fionán De Barra a rinne na líníochtaí.
 
* Maidhc, 1957
Líne 6:
* Maidhc sa Danmhairg, 1968. Ceangal bog. Úrscéal do pháistí.
 
MAIDHC ARÍS Seo an ceathrú eachtra ag Maidhc agus a chairde. Is mac le hAmbasadóir na hÉireann chun na Danmhairge é agus nuair a bhuaileann beirt as Éirinn ann chuige le saoire a chaitheamh leis, tosaíonn an eachtraíocht. Tagann as an ruaille-buaille a chruthaíonn siad go dtugtar chun solais duine a chaith cuid mhaith dá shaoil ag fealltóireacht i gcoinne na Danmhairge agus atá réidh anois le tionscal na talmhaíochta in Éirinn a scrios. Tá stíl grod, gasta gonta ag an údar a phoc-léimeann ó tharlú go tarlú. Tá sé le moladh ar an gcúis sin mar ábhar léitheoireachta do dhaoine óga atá ar tí tabhairt faoi leabhair a léamh.
Fionán De Barra a rinne na líníochtaí.
 
Maidhc sa Danmhairg á leirmheas ag Maitiú Ó Murchú in Comhar, Iml. 27, Uimh 6 (Meitheamh, 1968), lch. 24
 
[[catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha]]