An difríocht idir athruithe ar: "Meicnic"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
Sé bunphrionsapal na meicnice ná an prionsabal coibheasta: ní mór gluaiseacht a thomhas i leith ruda: níl a leithead de rud ann agus gluaiseacht absalóideach. Mar sin, labraítear mar gheall ar `ghluaiseacht coirp ''i leith'' ruda'. Más ionann an rud sin agus córas comhardanáidí agus uaireadóir, glaotar fráma (nó córas) tagartha ar an rud sin. Má tá dhá fhráma ag gluaiseacht go rialta nó ina bhfos i leith a chéile glaotar frámaí taimhe orthu. Baintear leas as frámaí taimhe sa mheicnic. I ndáiríre tuigeann gach duine an coincheap seo: má tá tú i dtraen agus na dallóga dúnta ar an bhfuinneog, ní féidir a rá an bhfuil an traen ag gluiseacht go rialta, nó ina seasamh. Tuigtear gluaiseacht na traenach i leith cad a fheictear lasmuigh. Ar an láimh eile, is féidir a aithint muna bhfuil an ghluaiseacht rialta seo ag an traen: má tá lúb san iarnród agus má chasann an traen go tapaidh, is féidir athraithe i ngluaiseacht na traenach a mhothú. Is cás eile é seo ach tá anailís na meicnice níos fusa i leith fráma taimhe, agus bainfear leas astu siúd as seo amach.
 
Chun dlíthe Newton a athrú go matamaitic agus chun díláithriú an choirp a shloinneadh mar fheidhm an ama, ní mór teicnící an [[calcalas|chalcalais]] a shainmhíniú. San alt seo, pléifear corp no réad atá ina phoncmháis: tá máis ag an gcorp ach níl toirt aige. Mar sin, tá an plé níos simplí ach níl gá leis an srian seo.
 
==Rátaí athraithe sa mheicnic==