An difríocht idir athruithe ar: "Dídeanaí"

Content deleted Content added
No edit summary
Konli17 (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Kibativillagers.jpg|deas|250px|thumb|Teifigh san [[Poblacht Dhaonlathach an Chongó|Phoblacht Dhaonlathach an Chongó]] i rith an [[Cogadh Kivu]], 2008. Tá níos mó ná sé milliún teifeach s[[an Afraic]].]]
Is [[duine]] ar teitheadh óna dtír féin chun [[cogadh]], géarleanúint nó tubaiste nádúrtha a sheachaint is ea '''dídeanaí''' nó '''teifeach'''<ref>"Things you can do to help", [http://enarireland.org/take-action-in-solidarity-with-refugees-10-things-you-can-do-to-help-in-ireland/ enarireland.org http://enarireland.org/take-action-in-solidarity-with-refugees-10-things-you-can-do-to-help-in-ireland/]</ref>. Bíonn ar na milliúin gach bliain a bhfód dúchais a thréigean chun tearmann a lorg. Is éard atá i ndídeanaí - de réir bhrí Coinbhinsiún a Bhaineann le Stádas Dídeanaithe - duine atá lasmuigh den tír ar náisiúnach í nó a bhfuil gnáthchónaí air; a bhfuil eagla seanbhunaithe orthu go ndéanfaí géarleanúint orthu mar gheall ar a mballraíocht pobail, a reiligiún, a náisiúntacht, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla; agus nach féidir nó nach dteastaíonn uaidh cosaint na tíre sin a éileamh nó filleadh ansin mar gheall ar an eagla thuasluaite. Tá timpeall 25 milliún teifeach ar domhan inniu.
 
Ceiliúrtar Lá Domhanda na dTeifeach ar an [[20 Meitheamh]] gach bliain.