An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge i Muir Chairib"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 14:
 
== Gorm agus bán ==
Bhí dianghá ag plandálaithe siúcra le hoibrithe, idir shearbhóntaí dintiúr agus sclábhaithe gorma, agus faoi na 1650í ba iad na sclábhaithe gorma ba rogha leo. Ach chuir na hoibrithe uile eagla ar na máistrí agus ní gan chúis é: d'fhulaing siad obair mhaslach, drochúsáid, bás le leatrom agus le barraíocht oibre. Ghéaraigh eagla na n-údarás coilíneach roimh na hÉireannaigh sna 1650í1650idí, go háirithe agus iad ag dul i bpáirt leis na sclábhaithe gorma.<ref>Féach Rodgers 2007 agus Berresford Ellis, lch 152.</ref> Bhí sé ina scéal reatha sna Bahámaí sna 1650í1650idí agus sna 1660í1660idí go raibh na seirbhísigh Éireannacha agus na hAfracaigh ag beartú comhcheilge le chéile. D’éirigh na hÉireannaigh amach i San Críostóir sa bhliain 1666 agus i Montsarat an bhliain dar gcionn, agus i gceann tamaill thug siad lámh chúnta d’ionradh na bhFrancach. In Antigua agus i Montsarat ghabh na húdaráis mórán searbhóntaí Éireannacha a bhí ar thaobh na bhFrancach agus dhíbir iad.<ref>Rodgers, lch 2</ref>
 
Bhí Éireannaigh (idir mháistrí agus searbhóntaí) agus sclábhaithe gorma i dteagmháil le chéile i gcónaí, mar sin, rud a d’fhág go raibh caidreamh cnis eatarthu ó thús agus clann de shliocht measctha acu dá bharr.<ref>Rodgers, lgh 3 agus 4.</ref>
Líne 20:
==== Montsarat ====
 
B’Éireannaigh iad an chuid ba mhó den phobal bán ó bunaíodh an choilíneacht iin 1628. Sa bhliain 1667 dúirt cuairteoir gur bheag nár “choilíneacht Éireannach” Montsarat. Tugann na sloinnte leid dúinn faoi chúrsaí teanga: b’as [[Contae Chorcaí]] do mhórán acu, agus b’as [[Contae an Chláir]], [[Contae Dhún na nGall]], [[Contae na Gaillimhe]], [[Contae Thiobraid Árann]], [[Contae Phort Láirge]], [[Contae na hIarmhí]] agus [[Contae Loch Garman]] don chuid eile. IIn 1678 b’as Éirinn do 1,682 duine bán as an 1,869 a bhí ann. Dúirt an geografaí Thomas Jeffrey in ''The West India Atlas'' (1780) gurbh Éireannaigh nó daoine de shliocht Éireannach ba ea formhór an phobail – ‘so that the use of the Irish language is preserved on the island, even among the Negroes’.<ref>Luaite in Truxes, Thomas M. (2004), ''Irish-American Trade, 1660-1783'', Cambridge University Press, lch 100. Féach freisin ''The West India Atlas or, A Compendious Description of the West-Indies''. By the Late Thomas Jefferys, Geographer to the King. Published by Printed for Robert Sayer and John Bennett, Fleet Street, London, 1780.</ref>
 
Bhí líon na sclábhaithe gorma ag dul i méid gan stad agus saothrú an tsiúcra ag teacht in áit an tobac agus an indeagó. Faoi 1729 bhí 6,063 sclábhaí gorm ar an oileán, ach is beag searbhónta Éireannach a bhí le fáil ann; iad marbh, imithe ar imirce nó iompaithe ina scológa. Ligeadh cuid acu sin a sclábhaithe gorma ar cíos: Gearóid Ó Fathaigh, mar shampla, a raibh sé sclábhaí dhéag ghorma aige, ceithre chapall agus aon acra amháin.<ref>Rodgers, lch 2.</ref> I 1775 bhí 9,834 duine gorm ann le hais 1,314 duine bán.