An difríocht idir athruithe ar: "Georg Wilhelm Friedrich Hegel"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Mionathruithe
Líne 1:
Fealsamh Gearmánach ba ea '''Georg Wilhelm Friedrich Hegel''' (27 Lúnasa 1770 – 14 Samhain 1831) agus é ar an duine ba thábhachtaí san idéalachas Gearmánach. Meastar go bhfuil sé ar na fealsúna is bunúsaí i bhfealsúnacht nua-aimseartha an Iarthair agus tionchar aige ar ointeolaíocht, ar aeistéitic agus ar pholaitíocht. <ref name="redding-stanford">{{cite encyclopedia |url=http://plato.stanford.edu/archives/spr2014/entries/hegel/ |title=Georg Wilhelm Friedrich Hegel |last=Redding |first=Paul |author-link=Paul Redding |date= 13 February 1997 |encyclopedia= Stanford Encyclopedia of Philosophy}}</ref><ref>{{Cite web|date=4 January 2016|teideal=Heidegger's Hegel|url=https://reviews.ophen.org/2016/01/04/heideggers-hegel/|access-date=3 September 2020|website=Phenomenological Reviews|language=en-USBéarla}}</ref>
 
Is an t-éacht is mó a rinne Hegel an t-idéalachas a chur in iúl ar dhóigh shainiúil, rud a dtugtar “dearbh-idéalachas” air uaireanta, cé gurb annamh a bhaineann Hegel féin feidhm as an bhfocal seo. Úsáidtear é chun déachas na hintinne agus an nádúir, na suibiachta agus na hoibiachta, agus eile, a shárú. Tugann sé síceolaíocht, an stát, ealaín, reiligiún agus fealsúnacht le chéile trí fhealsúnacht an spioraid. Is mór an tionchar a bhí aige trí dhialachtaic an mháistir agus an daoir,<ref>Is éard atá i gceist anseo an aithint: dhá fhéinchomhfhios a bheith ann agus gach ceann acu á aithint go bhfuil an ceann eile féinchomhfhiosach. Sáróidh ceann acu an ceann eile agus é ina mháistir dá bharr, ach gheobhaidh sé amach nach féidir leis an aithint atá uaidh a fháil, mar nach féidir leis an daor, mar dhaor, í a thabhairt dó.</ref> go háirithe sa Fhrainc sa fichiú haois.<ref>Is éard ba chionsiocair leis seo léachtaí Alexandre Kojève, a foilsíodh faoin teideal ''Introduction à la lecture de Hegel'' (Páras, 1947), agus ar chuir James Nichols Béarla ar roinnt acu mar ''Introduction to the Reading of Hegel'' (Nua-Eabhrac, 1969). Féach, mar shampla, Aimé Patri, "Dialectique du Maître et de l’Esclave", ''Le Contrat Social'', V, No. a (Iúil–Lúnasa 196r), 234, luaite in Réamhrá an Eagarthóra (vii), i dtaobh an tionchair a bhí acu.</ref>