An difríocht idir athruithe ar: "Georg Wilhelm Friedrich Hegel"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Mionathruithe
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 25:
Chuir Hegel go mór le meitifisic na gcatagóirí i ndiaidh Kant le ''Eolaíocht na Loighice'', leabhar ar chuimhnigh Hegel air mar bhunsaothar a fhealsúnachta agus é ag dul i gceann tionscadail ar luaigh Kant é ach nach ndeachaigh sé ina bhun é féin – liosta iomlán a dhéanamh de choincheapa díorthacha na glantuisceana.<ref name=":0" />
 
Cumasc contrárthachtaí gach coincheap (dubh agus bán, teas agus fuacht), agus dá bhrí sin tá coincheapa na glantuisceana le fáil laistigh den choincheap is teibí amach, díreach mar a fhásann crann as síol. Tosaíonn an leabhar leis an Eisint agus samhlaíonn Hegel an Eisint sin le Dia.<ref>{{Cite book|last=Hegel|first=G.W.F.|title=Science of Logic|publisher=Humanity Books|year=1969|isbn=1-57392-280-3|pages=78}}</ref> As sin a thagann coincheapa níos fuaimintiúla, mar theacht chun bheith, neach aontrátha, rudréad éigin agus an éigríoch.
 
===Rudaí iontu féin===