An difríocht idir athruithe ar: "Síobghluaiseacht ilchríochach"

Content deleted Content added
eag. ghin.
mNo edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Tíreolaíocht Fhisiceach}}An tslí a ngluaiseann na hilchríocha ar dhromchla [[An Domhan|an Domhain]] mar a bheadh cnoic ollmhóra oighir iontu. Síobghluaiseacht na mór-ranna, nó [[Pláta teicteonach|teoiric na bplátaí teicteonacha]], cur síos eile ar an bhfeiniméan. Ceintiméadar nó dhó sa bhliain a ghluaiseann siad. Ar [[léarscáil]] an Domhain nó an [[Cruinneog|chruinneog]], is léir go n-oiriúnaíonn costa thoir Mheiriceá do chósta thiar [[An Eoraip|na hEorpa]] is [[An Afraic|na hAfraice]] mar mhíreanna mearaí. Ag cur san áireamh na scairbheacha ilchríochacha faoin [[Farraige|bhfarraige]], is fearr fós an t-oiriúnú. De réir na teoirice seo, ní raibh ach meall amháin talún ar Domhan, [[Pangaea]], go luath i stair an Domhain timpeall 200 milliún bliain ó shin. Scoilt Pangaea ina hilchríocha de réir a chéile, ghluais siad seo amach óna chéile go dtí na háiteanna a bhfuil siad inniu, agus tá an tsíobghluaiseacht seo ag dul ar aghaidh an t-am ar fad. Luaitear an coincheap seo le [[Alfred Wegener]] a thairg ar dtús í i [[1912]] agus a chuir síos go cuimsitheach uirthi ina leabhar ''Die Entstehung der Kontinente und Ozeane'' (Bunús na [[Ilchríoch|nIlchríoch]] is na nAigéan, 1922), ach nach bhfuair tacaíocht ar fiú trácht uirthi go dtí na [[1960idí]] nuair a cuireadh teoiric na bplátaí teicteonacha chun cinn.
 
{{Fréamh an Eolais}}